Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Polaitíocht
  • Ní chabhraíonn áibhéil na meán sóisialta le ceist na dteifeach
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-chabhraionn-aibheil-na-mean-soisialta-le-ceist-na-dteifeach

Ní chabhraíonn áibhéil na meán sóisialta le ceist na dteifeach


Tharla rud éigin as an ngnáth an tseachtain seo caite: bhí plé forleathan sna meáin chumarsáide in Éirinn ar vóta i bParlaimint na hEorpa.

Go traidisiúnta, tugadh neamhaird ar obair na Parlaiminte, ach le blianta beaga anuas (go háirithe ó vótáil an Bhreatain ar son an Bhreatimeachta) tá aird an phobail ar chúrsaí na hEorpa.

Chuir muintir na hÉireann spéis faoi leith in imeachtaí na seachtaine seo caite, agus sa vóta faoi rún na Parlaiminte maidir le cur le tarrtháil na dteifeach sa Mheánmhuir. Theip ar an rún le dhá vóta; cé gur thacaigh feisirí ó na Glasaigh, Sinn Féin agus na neamhspleáigh leis, vótáil Fine Gael ina choinne, ag taobhú leis an eite dheas. Níor vótáil Clare Daly nó Billy Kelleher ar an rún.

Bhí beagán cainte faoin rún díreach tar éis an vóta, ach ansin sceitheadh an t-eolas ar na meáin shóisialta agus casadh an taoide. Léiríodh díomá agus alltacht i leith Fhine Gael, agus cuireadh ina leith gur cuma leo faoi chás na n-inimirceach (an-chonspóideach sa tseachtain chéanna gur frítheadh 39 gcorpán i dtrucail i Sasana). Tá an scéal fós i mbéal an phobail, agus déistin le toradh an vóta le feiceáil ar na meáin shóisialta.

Is cinnte gur tháinig sin aniar aduaidh ar na polaiteoirí ar fad. D’eisigh Fine Gael ráiteas inar mhínigh siad a seasamh ar an gceist, chuaigh Grace O’Sullivan ar Twitter le rudaí a cheansú.

Bímis macánta faoin ábhar seo. Rún ón bParlaimint a bhí i gceist anseo; ní bhíonn mórán tionchair acu seo de ghnáth sa Bhruiséil nó ar iompar na mBallstát sa Chomhairle.

Bheartaigh an EPP (an grúpa polaitiúil ina bhfuil Fine Gael) ar vótáil ina choinne nuair a d’éirigh le leasú nár aontaigh siad leis, leasú a chinnteodh go roinnfí eolas rúnda le bád ar bith sa Mheanmhuir – fiú más ag bogadh inimirceach atá sé. B’fhearr leo go rachfaí ar ais chuig an idirbheartaíocht le feabhas a chur ar an rún.

Go híorónta, admhaíonn lucht tacaíochta an rúin nach raibh siad ag súil leis go ndéanfadh sé mórán difríochta ó thaobh polasaithe de; malairt an scéil anois toisc go bhfuil muid ar fad ag caint air.

Níor chabhraigh an anailís amaitéarach ar Twitter leis an scéal seo ar fad. Maíodh go sábhálfadh an rún seo saol daoine (greannmhar agus lán áibhéile d’éinne a bhfuil tuiscint acu ar ghnóthaí na hEorpa agus ar an gcaidreamh atá ann idir Parlaimint agus Comhairle na hEorpa).

É sin ráite, ar thug teip an vóta leithscéal do na Ballstáit neamhaird a thabhairt ar cheist na dteifeach amach anseo? B’fhéidir é – ba cheart sin a phlé. Leis na tuairiscí míchruinne ar na meáin shóisialta, áfach, is deacair brí agus tionchar an vóta a mheas.

Ag deireadh an lae, ní thugtar cothrom na Féinne do na polaiteoirí, don phobal ná don Pharlaimint féin nuair nach n-insítear an scéal ar fad, nó nuair a théann muid thar fóir lenár léamh (claonta) ar an sceal.

Is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Fine Gael maidir lena vóta agus lena seasamh, ach mura dtugtar an deis dóibh an cheist sin a fhreagairt, coinnítear muid sa dorchadas.

Ach is dorcha i bhfad an saol ar bhád i lár na Meánmhara.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge