Tá tuilleadh smugairlí róin nimhneacha tagtha i dtír ar thrá i nGaeltacht Chonamara.
Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe rabhadh don phobal inné bheith airdeallach tar éis dóibh tuairiscí a fháil go raibh smugairle róin contúirteach, smugairle an tseoil, tagtha i dtír ar Thrá na gCeann gar do Bhearna.
Tá tuilleadh de na smugairlí róin sin anois tagtha i dtír ar thrá eile i nGaeltacht na Gaillimhe, an Trá Mhóir in Indreabhán.
Tá an #Portuguese man o’ war faighte ar an Trá Mhór in Indreabhán Fan Amach Uaidh @Nuacht_Chasla @RTERnaG @galwayad @GalwayCoCo @NuachtRTE @patmcgrath @tuairiscnuacht pic.twitter.com/90WEmB8OQm
— Cóilín Ó Neachtain (@neachtc) October 11, 2019
Dúirt an Chomhairle fanacht amach ó na smugairlí mar go bhfuil siad fós in ann ga a chur ionat fiú agus iad marbh agus go mbíonn an-phian ag baint le ga ó smugairle an tseoil.
Meastar gurb í Stoirm Lorenzo a thug smugairlí an tseoil aneas go farraigí na hÉireann. Tháinig níos mó ná leathchéad i dtír ar chósta na hÉireann sna laethanta tar éis na stoirme an tseachtain seo caite.