Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Náisiúnta
  • Ar an urlár a chodail mé féin mar gur tugadh mo leaba-sa do Johnny Mháirtín Learaí
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-an-urlar-a-chodail-me-fein-mar-gur-tugadh-mo-leaba-sa-do-johnny-mhairtin-learai

Ar an urlár a chodail mé féin mar gur tugadh mo leaba-sa do Johnny Mháirtín Learaí

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

1987 sa Daingean. An chéad uair dom fuireach in óstán, Óstán na Sceilge. Chuirfí lóistín ar fáil in aisce do dhaoine ón nGaeltacht a bhíodh ag glacadh páirte sna comórtais an uair sin. An tOireachtas féin a shocraíodh an lóistín mar sin ní bheadh fhios agat roimh ré cé a bheadh romhat sa seomra! Saol eile. Ní raibh mé ach trí bliana déag, agus chaithfeadh gur thaitin sé go mór liom mar go raibh mé ag gach aon Oireachtas riamh ó shin. Ag tabhairt aghaidh ar an 33ú féile as a chéile i mbliana.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas…

An comhluadar, seanchairde, cairde nua agus le roinnt blianta, ag féachaint ar an gcéad ghlúin eile ag teacht in inmhe.

3. An rud is measa faoin Oireachtas …

Easpa codlata.

4. Baile Átha Cliath arís?

Ní miste liom.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Bain sásamh is só, taitneamh is tairbhe as.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Mo mhíle leithscéal a Phádraig Uí Shé ach… Corn Uí Riada 100%

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Tá ardmheas agam ar an dream atá i bhfeighil an Oireachtais faoi láthair, tá an-mhuinín agam astu agus is jab é ná ndéanfainn féin ar ór ná ar airgead. Treise leo. Caithfidh mé a rá mar sin féin go mba mhaith liom dá ndéanfaí rud éigin faoi na comórtas rince ar an sean-nós. Más í seo féile mhór na nGael, is ceart meas agus ómós a léiriú do na Gaeil, don nGaeilge agus don nGaeltacht. Tá sé chomh maith dúinn a rá go bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla sna comórtais seo agus is cúis díomá agus imní é sin.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

An sásamh anama sin ná féidir liom cur síos a dhéanamh air ach aithneoidh an léitheoir ar an bpointe é táim cinnte!

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Chuimhnigh mé féin ar phlean iontach cúpla bliain ó shin. Thugas mo mháthair dtí’n tOireachtas linn, le haireachas a thabhairt dos na páistí, le go bhfaighinn féin agus fear a’ tí cúpla deoch ar ár suaimhneas. Shíl mé go raibh liom ach mo léan, b’éasca go mór na páistí a chur a chodladh. Cúig a chlog ar maidin agus bhí mo mháthair fós i lár seisiún amhránaíochta sa bheár. B’in deireadh leis na seifteanna.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

1994 sa mbaile sa Rinn (bhuel i nDún Garbhán go hoifigiúil!). Bhí lán a’ tí de chuairteoirí againn ó Chorca Dhuibhne, Conamara agus Inis Oírr. Ar an urlár a chodail mé féin mar gur tugadh mo leaba-sa do Johnny Mháirtín Learaí. Bhí mé féin agus mo dheirfiúr Odí istigh ar an gcomórtas ‘Faoi 35’. Fuair duine againn an glaoch thar n-ais, ach ní bhfuair an duine eile. Ba nós leis an moltóir áirithe seo cúpla focal a rá faoi gach aon iomaitheoir ag deireadh an chomórtais agus b’in a tharla. Bhí go maith go dtí gur thángthas chomh fada leis an dream a fuair an glaoch thar n-ais. Ba léir go raibh tuaiplis déanta. ‘Mo mhíle leithscéal,’ a deir an moltóir ‘Ach tá mé ag ceapadh gur ghlaoigh mé ar ais ar an deirfiúr mhícheart’. Is minic a neosaim an scéal seo agus ní chreideann daoine mé. Bhaineamar an-chraic as. B’é an chéad uair dom páirt a ghlacadh i gCorn Uí Riada chomh maith. Bhí droch-chuma orm ar cúl stáitse leis na ‘neirbhs’, fuarallas liom agus mo theanga triomaithe. Bhí an oiread trua ag seanfhondúir ó Chonamara dom gur thairg sé braon ‘uisce’ dom. Is cuimhin liom iontas a dhéanamh de gur Ballygowan a bhí á ól aige. Thóg mé an buidéal pé scéal é, is mé a bhí buíoch agus chaith mé siar é. Ar ndóigh cad a bhí ann ach poitín. Lán a bhéil de. Is gan de rogha agam ach é a shlogadh. Ní gá a rá ach nár ól mé Ballygowan riamh ó shin. 

Níos mó

Méabh Ní Thuathaláin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge