Níl liúntas múineadh trí Ghaeilge ar fiú €23 in aghaidh an dalta é á íoc le bunscoileanna Gaeltachta.
Thug an tAire Oideachais le fios an tseachtain seo go gcuirtear an maoiniú breise ar fáil do Ghaelscoileanna na tíre chun “spreagadh breise a thabhairt do chothú úsáid na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.
Ach deir Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, nach bhfuil “bunús ar bith” leis an gcinneadh gan an deontas a íoc le scoileanna Gaeltachta agus mhaígh sé go raibh “éagóir mhór” á déanamh ar na scoileanna sin.
“Is éagóir agus scannal é seo. Leanfaidh mé liom á throid. Níl bunús ar bith leis an riail.
“Tá cuid mhaith de na deacrachtaí céanna i gceist le scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht is atá i gceist le scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Ó Cuív.
€179 in aghaidh an dalta a íoctar le bunscoileanna Béarla agus scoileanna Gaeltachta mar dheontas caipitíochta, ach €202 a íoctar le Gaelscoileanna.
Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh gur €250,000 a chosnódh sé an deontas breise a íoc leis na bunscoileanna Gaeltachta.
Dúirt McHugh go raibh acmhainní agus maoiniú breise á gcur ar fáil do scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Ach dar le hÉamon Ó Cuív, a d’fhiosraigh an scéal leis an Aire Oideachais, nach aon “chúiteamh” é sin do scoileanna Gaeltachta ar an liúntas múineadh trí Ghaeilge a bheith á cheilt orthu.
“Fáiltím roimh an maoiniú breise atá á cur ar fáil faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht a chuireann ar chumas scoileanna leabhair bhreise a fháil agus breis tacaíochtaí teagaisc.
“Ní mar a chéile an dá dheontas. Is deontas caipitíochta é seo agus teastaíonn sin freisin ó scoileanna sa Ghaeltacht,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt Seán Breathnach, príomhoide Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara, nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do scoileanna Gaeltachta maidir leis an liúntas.
Dá mbeadh an liúntas sin ag a scoil féin bheadh thart ar €5,000 breise in aghaidh na bliana acu, rud a rachadh go mór chun leas na Gaeilge, go háirithe, a dúirt Séan Breathnach.
“Tá idirdhealú déanta idir scoileanna sa nGaeltacht agus scoileanna lán-Ghaeilge, agus níl sé sin ciallmhar ná cliste ag an am seo, go háirithe nuair atá easpa maoinithe agus ganntanas acmhainní ar scoileanna.
“Tá sé fíor-fíorthábhachtach go mbeadh scoileanna Gaeltachta ag fáil an maoiniú céanna le scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag múineadh trí Ghaeilge,” a dúirt Seán Breathnach, Príomhoide Scoil na bhForbacha.
Faoi mar a tuairiscíodh cheana tá ceist ann chomh maith faoi dheontas mhúineadh trí Ghaeilge a íoctar le hiar-bhunscoileanna. Níl an deontas sin á fháil ach ag 20 ceann den 71 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sa tír.
Scoileanna atá faoi scáth bhoird oideachais agus oiliúna iad 41 de na scoileanna nach bhfuil ag fáil an liúntas €103 in aghaidh an dalta agus scoileanna cuimsitheacha nó pobail iad na cúig cinn eile. Ar na hoileáin Ghaeltachta atá cúig cinn de na scoileanna a maíonn Éamon Ó Cuív éagóir a bheith á déanamh orthu chomh maith.