Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-niall-toibin-1929-2019:-aisteoir-agus-fear-grinn-cumasach-arbh-leir-‘a-ghra’-don-ghaeilge

NIALL TÓIBÍN 1929-2019: Aisteoir agus fear grinn cumasach arbh léir ‘a ghrá’ don Ghaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Tá an t-aisteoir, fear grinn agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Tóibín tar éis bháis.

Bhí Niall Tóibín, a bhí 89 bliain d’aois, tinn le tamall fada.

Rugadh Tóibín, a bhain cáil mhór amach as a shaothar amharclainne, teilifíse agus scannáin, i gCorcaigh i 1929 agus tógadh le Gaeilge é i ndeisceart na cathrach.

Mhol Uachtarán na hÉireann Micheal D Higgins go hard inniu cumas aisteoireachta Tóibín.

“Rinne sé leas na hamharclannaíochta in Éirinn ar bhealach ar leith, i nGaeilge agus i mBéarla.

“Léirigh an tuiscint sa léiriú a rinne sé ar an iliomad carachtar an éirim aigne a bhí ann agus, thar aon ní eile, an tuiscint dhiamhair a bhí aige ar na gnéithe sainiúla a bhaineann le saol na hÉireann,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Cainteoirí líofa Gaeilge ab ea a thuismitheoirí Siobhán Ní Shúilleabháin agus Seán Tóibín, timire le Conradh na Gaeilge agus údar na leabhar Blátha an Bhóithrín agus Troscán na mBánta.

Bhí Niall Tóibín féin ina bhall tráth de Chonradh na Gaeilge chomh maith agus bhíodh sé ag aisteoireacht le Compántas Amharclainne na Gaeilge.

I measc na scannán a raibh sé páirteach iontu bhí Poitín, saothar ceannródaíoch Bob Quinn, an chéad fhadscannán Gaeilge.

Ar na scannáin agus na cláir teilifíse eile a raibh páirt aige iontu, bhí Ryan’s Daughter, Bracken, The Irish RM, Brideshead Revisited, Eat the Peach, Far and Away, Ballykissangel, Veronica Guerin agus The Clinic.

Bhí an-dúil aige i saothar Brendan Behan. Thuill sé ardmholadh dá ról in The Borstal Boy agus bhí an-tóir ar an leagan de The Hostage a rinne sé le Michael Scott, leagan a bhí bunaithe ar an mbunshaothar An Giall.

Rinne sé cuid mhór oibre i nGaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Bhí a ghlór, mar shampla, le cloisteáil ar ghearrscánnáin de chuid Gael Linn sna seascaidí agus léigh sé gearrscéalta Sheáin Mhic Mhathúna do chlosleabhar a foilsíodh in 2009.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin inniu go raibh “áit lárnach” ag an nGaeilge i saol Tóibín agus go raibh “an grá” a bhí aige don teanga soiléir ina chuid saothair.

Dúirt an tAire Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan go raibh “tallann ar leith aige” agus gur aisteoir agus fear grinn “an-chumasach” é.

I measc na ngradam a bronnadh air, bhí céim dochtúra oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus gradam saoil ó IFTA. Tugadh saoirse na cathrach dó ina chathair dhúchais in 2015.

Bhásaigh a bhean Judy in 2002. Maireann a gclann Seán, Muireann, Aisling, Sighle agus Fiana agus a seachtar garpháistí.

Níos mó