Is fada scoláirí na Gaeilge ag éagaoineadh easpa foilsitheoirí acadúla na teanga, ach tá fuascailt chucu ar deireadh agus inphrionta acadúil nua le bunú.
Cló Léann na Gaeilge is ainm don inphrionta nua, atá á bhunú ag Comhar, i bpáirt le meitheal tras-Ollscoile.
Tráthnóna inniu, ag Seoladh na Nollag Comhar in Iarsmalann Litríocht na hÉireann i mBaile Átha Cliath, a fhógróidh an tOllamh Máire Ní Annracháin, bunú an inphrionta nua a fhoilseoidh saothair acadúla i nGaeilge.
Foilseoidh Cló Léann na Gaeilge “taighde piarmheasta” ó gach réimse de léann na Gaeilge agus táthar ag súil go mbeidh sé “mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge”.
Tá súil ag lucht Cló Léann na Gaeilge ”an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne”.
Tá an uile ollscoil sa tír páirteach i meitheal Cló Léann na Gaeilge chomh maith le hOllscoil Notre Dame i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Níl aon fhoilsitheoir ann faoi láthair a dhíríonn ar ábhar acadúil amháin, cé go bhfuil mbíonn roinnt saothar dá leithéid á bhfoilsiú ag tithe foilsitheoireachta amhail Cois Life, Cló Iar-Chonnacht agus An Sagart.
Anuas air sin, dúnadh roinnt blianta ó shin An Clóchomhar, teach foilsitheoireachta eile a mbíodh cúram á dhéanamh aige d’obair thaighde, agus beidh Cois Life, a rinne cuid mhaith oibre sa réimse sin, ag dúnadh ag deireadh na bliana seo.
Seolfar chomh maith tráthnóna ag Seoladh na Nollag Comhar eagrán na Nollag den iris Comhar agus dhá leabhar nua ó LeabhairComhar, Finanaise Bhreise le Micheál Ó Ruairc agus Neansaí ar an bhFeirm le hOrna Ní Coileáin.
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, a sheolfaidh an iris agus na leabhair nua.