Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gigeanna-na-deichaoise-–-cuid-a-do

Gigeanna na Deichaoise – Cuid a Dó

| Eoin O Cathain |

Ravelóid, The Sugar Club, Dé hAoine 10 Meitheamh 2016

An féidir liom é a lua…?

Ravelóid.

Cinnte, bhí díomá ann nuair nár tharla an bunimeacht. Ach, cad é mar imeacht a tháinig ina áit! Ní hamháin go raibh oíche go maidin le ceol, caint agus cairdeas sa Sugar Club, (ar an Aoine a bhí an ócáid le bheith i gCaisleán Ard Giolláin), ach SRAITH IMEACHTAÍ an lá dár gcionn chomh maith i gClub an Chonartha. Leithéidí Rís, Kíla, Seo Linn agus tuilleadh nach iad ar an ardán. Ravelóid, más buan mo chuimhne…a spreag lucht Fhéile na Gealaí chun dul i mbun gnímh. Mar sin ainneoin nár tharla gach a bhí beartaithe; cuireadh síol dearfach an samhradh sin!

Féile na Gealaí, 14-16 Meitheamh 2019

Féile na Gealaí. Mar a bheadh an tOireachtas ann, buaic eile na bliana. Táim ag cuimhneamh cheana féin air… Nach iontach an toradh a bhí ar iarrachtaí Ravelóid, go bhfuil a leithéid d’fhéile i ndialanna na nGael gach Meitheamh. Cuimhním ar shamhradh 2017, le Emma Ní Fhíoruisce, Scannal, IMLÉ agus Griogair Labhruidh — gach éinne imithe bán ar fad ag canadh le KNEECAP in 2019, ainneoin gur fostaithe ag craoltóir seirbhíse poiblí a bhí cuid acu siúd a bhí ag canadh in ard a ngutha! 

Ach 2019 a fhanfaidh i mo chroí go deo – cairde maithe, dea-ghiúmar, atmaisféar agus spiorad gan trácht fiú ar an gceol breá – Dáithí, Méabh Ní Bheaglaoich agus Niteworks i measc go leor eile. 

Damien Dempsey, Sráid Bhiocáire, 22 Nollaig 2018

Tá nósanna áirithe ag ceoltóirí aimsir na Nollag. Seisiún buscála ar Shráid Grafton cuirim i gcás, le réalta móra na hÉireann, ag bailiú airgid do charthanachtaí Oíche Nollag; nó Kíla i Sráid an Bhiocáire fadó, agus anois go rialta an t-am seo bliana sa National Stadium. 

Damo Dempsey fear eile a chloínn le nós, le coirmeacha seachtain na Nollag i Vicar St. Bhí deis agam a bheith i láthair anuraidh nuair a líon sé an t-ionad le grá, fuinneamh, anam agus croí.

In ard a ghutha a scaoil sé lena liricí spreagúla amach as a bhéal; an lucht féachana mar a bheadh fonnadóirí taca ann, gach focal de ghlan mheabhair agus iad breá sásta sin a léiriú. Fiú agus Damien bailithe leis ón stáitse, chan taobh amháin an tslua, ‘Love Yourself’, agus an taobh eile á bhfreagairt, ‘Today’, an líne á athrá arís agus arís eile acu agus iad ag sleamhnú leo amach as an ionad…. 

Britney Spears, 3Arena, 20 Lúnasa 2018

SAN JOSE, CA – DECEMBER 03: Britney Spears performs at the NOW 99.7 Triple Ho Show 7.0 at SAP Center on December 3, 2016 in San Jose, California. (Photo by Steve Jennings/WireImage)

Níor stad an ceol, ó thús go deireadh. Ba thrua ar shlí mar bheadh sé go deas a bheith tar éis í a chlos i mbun cainte idir na hamhráin, ach ar an láimh eile… bhuel…a leithéid de cheolchoirm! 

Lúnasa, 2018; bhí oiread cainte déanta faoi chuairt an Phápa Francis chuig an dtír an mhí sin, ach is ar ‘Britney, bitch’ a bhí mo chuid airde dírithe. Ainneoin gur robotic a thug léirmheastóirí áirithe ar a taispeántas, níor lig sí síos mé ná chuid mhór mhaith den slua a bhailigh isteach chuig an 3Arena i mBaile Átha Cliath! 

Mám, Déardaoin 26 Meán Fómhair 2019, O’Reilly Theatre, BÁC

Ní ceolchoirm ann féin a bhí i Mám, ach seó rince agus aisteoireachta chomh maith, a bhain stangadh asam níos luaithe i mbliana le linn Fhéile Amharclannaíochta Átha Cliath. Cormac Begley, fear an chonsairtín, a choimeád comhluadar linn i rith an taispeántais agus scata rinceoirí oilte, cumasacha ag insint scéil ag an aon am.

Bhí cumhacht dochreidte ag baint leis an saothar seo de chuid Michael Keegan-Dolan agus an comhlacht Teaċ Daṁsa, go mbím fós ag cuimhneamh air, ó am go ham. Gafa go hiomlán ag na cultacha, an comhordú, an coincheap agus an chraic fhiáin. Rachainn chun é a fheiscint arís ar maidin, dá mbeadh an deis agam. 

Níos mó