Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-laghdu-leanunach-ar-lion-na-bhfoghlaimeoiri-gaeilge-ar-duolingo

Laghdú leanúnach ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar Duolingo

Tá titim leanúnach ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge ar an aip foghlama teanga Duolingo. Bhí lúcháir ar Ghaeil na hAlban an tseachtain seo caite nuair a eisíodh an cúrsa Gàidhlig ar Duolingo tuairim is ocht mí sula rabhthas ag súil leis. Ainneoin an éilimh mhóir atá ar an gcúrsa sin — tá breis agus 60,000 duine cláraithe leis taobh istigh de chúpla lá — tá titim leanúnach ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar an aip. 

Tá an Ghaeilge fós ar an 16ú teanga is mó ar an aip ach tá laghdú 16,000 duine tagtha ar líon na ndaoine atá ag úsáid na haipe lena gcuid Gaeilge a chleachtadh in imeacht sé mhí. Bliain go leith ó shin, bhí an Ghaeilge ar an 13ú teanga is mó léamh ar Duolingo agus breis agus milliún duine á foghlaim. Anois, tá 934,000 duine gníomhach ar an gcúrsa Gaeilge agus í tite ar chairt na dteangacha go dtí an 16ú háit. 

Mar sin féin, is í an Ghaeilge an mhionteanga is mó i mbéal an phobail ar Duolingo agus na milliúin cainteoirí ag teangacha eile atá ar bharr an liosta ar nós na Spáinnise, na Fraincise, agus na Gearmáinise. Anuas air sin, tá sí imithe chun cinn ar an teanga chumtha Ard-Vailéiris, teanga a bhí sa 12ú háit sé mhí ó shin. 

Maíodh cheana go raibh os cionn ceithre mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar Duolingo ach tá soiléiriú déanta ag Duolingo ar an bhfigiúir sin ó shin. Maíonn lucht na haipe gur fíor go bhfuil breis agus ceithre mhilliún duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge a chuireann an aip foghlama teanga ar fáil ach nach bhfuil chuile dhuine acu sin ag úsáid an chúrsa sách rialta le maíomh gur ag foghlaim na Gaeilge dáiríre atá siad. 

Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí seo lonnaithe, ach tá muintir an hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá á úsáid le Gaeilge a fhoghlaim nó le barr feabhais a chur ar a scileanna teanga.

Dheimhnigh Duolingo do Tuairisc.ie in 2017 gurbh iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga is lú a ndéanann lucht úsáide na haipe dul chun cinn leo. Thug urlabhraí de chuid Duolingo le fios gur 15% d’úsáideoirí na haipe a chríochnaíonn na cúrsaí teanga ach go bhfuil an Ghaeilge i measc na gcúrsaí is lú a chríochnaítear.

“Cailleann formhór na n-ardán foghlama a n-úsáideoirí i ndiaidh an chéad lae, agus mar sin tá bród orainn go gcoinnímid líon réasúnta ard foghlaimeoirí. Feictear dúinn, freisin, go gcríochnaíonn go leor daoine cuid den chúrsa agus ansin titeann siad i ngrá leis an teanga agus bíonn fonn orthu taisteal chun tuilleadh staidéir a dhéanamh uirthi,” a dúradh.

Bhí feachtas ar bun ag lucht na Gàidhlig an tseachtain seo caite breis agus 57,000 foghlaimeoir a mhealladh chun na teanga ar Duolingo roimh Lá Fhéile Aindrias (Dé Sathairn seo caite), féile náisiúnta na hAlban. Cé nár éirigh leo an sprioc sin a bhaint amach faoi dheireadh na hoíche Dé Sathairn, tá os cionn 60,000 duine anois cláraithe leis an gcúrsa. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge