Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nosie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-lion-na-mban-in-ainm.ie-ag-dul-in-airde-‘mas-go-mall-fein-e’

Líon na mban in Ainm.ie ag dul in airde ‘más go mall féin é’

Tá admhaithe ag Fiontar in DCU, an dream atá taobh thiar den suíomh beathaisnéisí Gaeilge Ainm.ie go bhfuil ganntanas ban ar an mbunachar de dhaoine mór le rá i stair na Gaeilge, ach go bhfuil líon na mbeathaisnéisí faoi mhná atá ar an suíomh “ag dul in airde, más go mall féin é. 

Tá os cionn 1,700 beathaisnéis ar Ainm.ie, agus is beathaisnéis fir atá i gceist le 90% (1,593) acu sin. Níl ach 176 beathaisnéis faoi mhná ar an suíomh i láthair na huaire. Deir Fiontar, atá lonnaithe in DCU agus a thugann aire do na suíomhanna Logainm.ie agus Téarma.ie freisin, gur “léir don dall” go bhfuil easpa ban in Ainm.ie ach gur “fadhb aitheanta” í i gcúrsaí beathaisnéise go mbíonn “gannionadaíocht i gceist le grúpaí áirithe” i gcnuasaigh ar fud an domhain. 

Cuirtear beathaisnéisí nua le Ainm.ie go tráthrialta, agus ní chuirtear cuntas ar dhaoine atá fós beo ar an suíomh. An mhí seo caite, cuireadh ochtar eile ar an mbunachar: Domhnall Mac Síthigh, Aodh Ó Domhnaill, Proinsias Ó Mianáin, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Peadar Lamb, Seán Ó HÉalaí, Diarmad Ó Doibhlin, agus Aodán Mac Póilín. 

Tharraing an rogha beathaisnéisí seo cáineadh mar gheall gur fir ar fad a bhí san ochtar a roghnaíodh le cur leis an suíomh. Deir Fiontar go raibh a n-áit “tuillte go maith” ag an ochtar fear ach go n-aithnítear go bhfuil easpa ban ar an suíomh. 

“Ní miste a rá go bhfuil líon na mban in Ainm.ie ag dul in airde, más go mall féin é. Mná iad 22.4% de na beathaí a scríobhadh ó 2013 i leith, mar shampla. Creideann muid go rachaidh an ráta seo in airde de réir a chéile.

“Tá tionscadail éagsúla beathaisnéisí tar éis aghaidh a thabhairt ar an gceist trí thaighde breise a dhéanamh ar bheathaí a fágadh ar lár sna bunfhoilseacháin agus trí imleabhair bhreise nó forlíontáin a fhoilsiú chun cuid de na heasnaimh seo a chúiteamh,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Fiontar inniu. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge