Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-raon-rothar-na-life-–-‘buntaisti-do-gach-duine-sa-chathair’

Raon Rothar na Life – ‘buntáistí do gach duine sa chathair’

Tá achainí ar líne tosaithe ag duine de phobal rothaíochta na hardchathrach ina n-éilítear ar na húdaráis Raon Rothar na Life a thriail an bhliain seo chugainn. Táthar ag caint ar raon nua rothar a thógáil cois abhann i mBaile Átha Cliath le fada an lá, ach níl aon radharc ar a leithéid ó chéadmholadh an smaoineamh beagnach deich mbliana ó shin. 

Labhair NÓS le Cian Ginty, gníomhaí aitheanta rothaíochta san ardchathair, faoina achainí agus faoin ngá atá le raon ceart rothar i lár na cathrach. 


Abair linn chúlra an scéil seo. 

Mí na Nollag 2010, vótáil comhairleoirí Bhaile Átha Cliath ar son an phlean do bhealach sábháilte scartha rothaíochta cois na gcéanna i bplean forbartha na cathrach agus geallúint ann go dtógfaí faoin mbliain 2017 é. Cuireadh siar arís agus arís eile é, agus táthar ag súil lena chríochnú in 2024 ar a luaithe.

Níor cheart go dtógfadh sé beagnach 14 bliain raon rothaíochta 5km a thógáil, ní chreidfeá go mbeadh an méid sin ama i gceist dá leithéid de thogra. Cuirtear síos ar na ceisteanna móra agus an mhoill mhór go beacht ar shuíomh IrishCycle, ach is í an neamhthoil pholaitíochta spás a thógáil ó charranna i lár na cathrach an bac is mó atá orainn. 

Cén fáth ar thosaigh tú an achainí seo? 

Seolfar ar aghaidh chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é, chuig an Údarás Náisiúnta Iompair agus chuig an Aire Iompair Shane Ross, le cur in iúl dóibh go bhfuil an pobal bréan den mhoilleadóireacht maidir le hinfreastruchtúr rothaíochta san ardchathair agus go dteastaíonn uainn go gcuirfí luas faoin togra. 

Thosaigh an Chomhairle Cathrach triallacha ann do thograí, idir bheag agus mhór, trí DCC Beta agus is féidir é sin a chur i bhfeidhm do Raon Rothar na Life. Beidh roinnt daoine ann a bheidh de shíor curtha amach má bhíonn plean ann a chuireann isteach ar rochtain na gcarranna ar chor ar bith, ach ní leithscéal maith é sin gan cathair a athrú chun feabhais.

A luaithe agus a dhéantar an triail, ní dóigh liom go mbeidh mórán daoine ag iarraidh go gcuirfí an triail ar ceal. B’fhéidir go n-athrófaí é de bheagán, ach feicfear na buntáistí móra ní hamháin don tsábháilteacht agus d’áilleacht na cathrach, ach na buntáistí eile a bhaineann le laghdú ar líon na gcarranna sa chathair — spás don iompar poiblí, agus cathair atá níos glaine agus níos ciúine d’oibrithe, do lucht siopadóireachta, do thurasóirí, agus do chónaitheoirí. 

Tá na cónaitheoirí i bhfad níos tábhachtaí ná mar a shíltear iad a bheith — tá na mílte ina gcónaí díreach in aice na habhann, agus na mílte eile sna sráideanna atá gar di. Seo an ceantar is dlúithe daonra in Éirinn, tá níos mó daoine ina gcónaí i lár chathair Bhaile Átha Cliath ná mar atá i mbailte móra timpeall na tíre. 

Is teaghlaigh gan charr iad suas le 80% de na teaghlaigh seo agus is údar maith le líon na gcarranna a laghdú sa cheantar é sláinte na ndaoine seo, gan chaint ar rud ar bith eile. Cabhróidh an raon rothar leis na daoine sin teacht ar áiteanna nua sa chathair freisin, amach i dtreo Pháirc an Fhionnuisce. 

Cén chuma a bheadh ar Raon Rothar na Life?

Don triail seo, is raon débhealach a bheadh ann ar na Céanna Thuaidh, agus rudaí sealadacha ar nós bolláin agus soilse tráchta ann. Féadfar leagan amach buan a phlé i ndiaidh na trialach. Ní thógfadh sé i bhfad córas trialach a shocrú ann, cúpla mí is dóigh. 

An mbeadh buntáistí eile ann do dhaoine nach mbíonn ag rothaíocht?

Laghdófaí líon na gcarranna cois abhann, rud a d’fhágfadh go laghdófaí an mhoill a bhíonn ar bhusanna agus ar thramanna sa chathair. Is minic a bhíonn carranna sa bhealach ar an gcóras iompair phoiblí. Laghdófaí an truailliú aeir agus an truailliú fuaime freisin, rud a chabhródh le duine ar bith atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath nó a thugann cuairt ar an gcathair. Bheadh an chathair níos sláintiúla agus níos mealltaí mar áit. 

An bhfuil a leithéid áit ar bith in Éirinn cheana féin?

Bheadh sé an-chosúil le Raon Rothar na Canála Móire, ach go mbeadh sruth seasta rothaithe ann mar gheall ar na soilse tráchta. Bheadh na soilse tráchta ar an raon rothar ag athrú ar comhuain leis na soilse tráchta don lána bus. 

Is féidir achainí Chian a shíniú anseo

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge