Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ardu-30%-ar-lion-na-leitheoiri-rialta-ar-nos-in-2019

Ardú 30% ar líon na léitheoirí rialta ar NÓS in 2019

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá áthas orainn a fhógairt gur tháinig méadú as cuimse arís – 30% – ar líon na léitheoirí rialta ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2019. Tá ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a léann an iris chultúir Ghaeilge dhá bhliain as a chéile anois.

Is éard is brí le ‘léitheoir rialta’ sa gcás seo ná duine a thug 100 cuairt nó níos mó ar an suíomh ó 1 Eanáir 2019 go 31 Nollaig 2019. Thug 11,673 duine breis agus 100 cuairt orainn i gcaitheamh na bliana atá díreach imithe tharainn i gcomparáid leis an 8,961 duine a thug níos mó ná 100 cuairt orainn le linn na bliana 2018. 

Ar an iomlán, thug breis agus 66,000 léitheoir uathúil cuairt ar an suíomh ó thús deireadh na bliana seo caite. Thug na léitheoirí uathúla sin 138,000 cuairt ar an suíomh i mbliana agus osclaíodh leathanaigh NÓS 235,000 uair. 

Dúirt eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, go bhfuil sé “an-sásta go bhfuil léitheoirí dílse” ag NÓS agus go bhfuiltear “ag mealladh léitheoirí nua gach bliain”. 

“Is minic a bhíonn sé deacair meabhair a bhaint as staitisticí, ach is léir ón bhfigiúr atá againn do ‘léitheoirí rialta’ go bhfuil pobal cruthaithe thar timpeall ar NÓS agus go bhfuil an pobal sin ag fás bliain i ndiaidh bliana. Seo daoine a thagann chugainn chuile sheachtain le hábhar nua-aimseartha, spleodrach agus spéisiúil i nGaeilge a léamh, agus is ardú croí agus meanman é go bhfuil tacaíocht an phobail sin againn.

“Bhí bliain chorraitheach dheacair againn i mbliana agus moladh déanta ag Foras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an maoiniú a chuirtear ar fáil dúinn. D’iarr muid ar ár léitheoirí a dtacaíocht don iris a léiriú agus rinne ina scórtha. Tá muid fíor-bhuíoch as an léiriú tacaíochta sin agus tá súil againn go mbeidh dea-scéala ann dúinn sa mbliain amach romhainn,” a dúirt sé. 

Ghabh Maitiú buíochas freisin leis na scríbhneoirí a sholáthair ábhar do NÓS le linn 2019, agus leis na daoine a chabhraigh an suíomh a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhealaí eile. 

“Seo an dara bliain agamsa ar an stiúir anseo, agus tá iarracht déanta agam glórtha nua a tharraingt isteach arís eile i mbliana. Ar ndóigh, bíonn tóir i gcónaí ar scríbhneoirí fadbhunaithe na hirise ar nós Eoin P Uí Mhurchú, an Chailín sa Chathair, agus Ben Uí Fhaoláin, ach chuir muid fáilte roimh roinnt daoine nua i mbliana. Cuirim i gcás Póilín Nic Géidigh, Eoin Ó Catháin, agus Mòrbheinn Mhèinnearach. 

“Rinne Gráinne Holland físeáin iontacha dúinn arís i mbliana, bhí cartúin bharrúla againn ó Chiaraíoch, ghlac cuid dár léitheoirí páirt i Pod don Eolach agus mheall muid leantóirí nua ar na meáin shóisialta freisin. Tá súil agam cur arís le NÓS in 2020 agus tuilleadh ábhair agus seirbhísí a chur ar fáil sa mbliain nua,” a dúirt sé. 

Úsáideann NÓS an tseirbhís Google Analytics le súil a choinneáil ar líon na léitheoirí a bhíonn ag an suíomh chomh maith le staitisticí eile. Ciallaíonn ‘duine uathúil’ sa gcás seo duine daonna amháin chomh fada agus atá Google in ann é a dheimhniú. 

Is éard atá i gceist le ‘cuairt’ ná seisiún amháin ar an suíomh. Sa gcás go léifeadh an duine céanna NÓS faoi dhó in aon lá amháin, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead agus dhá ‘chuairt’. Nuair a osclaítear scéal nua, comhairtear ‘radharc leathanaigh’. Mar sin, dá léifeadh duine aonair ceithre alt ar NÓS ar maidin, agus ceithre alt tráthnóna, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead, dhá ‘chuairt’ agus ocht ‘radharc leathanaigh’. 

Níos mó