Tá emoji curtha ar fáil ag Twitter do thoghchán na míosa seo chugainn agus é ceangailte leis na haischlibeanna Gaeilge agus Béarla don olltoghchán.
Páipéar ballóide le tic air agus é ag dul isteach i mbosca vótála atá san emoji a bhfuil dathanna bhrat na hÉireann air.
Tá an emoji ceangailte leis an haischlib #GE2020 agus leis an haischlib Ghaeilge #Togh2020.
Today we launched our official #GE2020 Irish Election Emoji! 🇮🇪The emoji makes it easy for people to participate in the #GE2020 public conversation and follow the campaign trail. You can also use the emoji when Tweeting as Gaeilge with #Togh2020 – join the conversation!
— Twitter Dublin (@TwitterDublin) January 27, 2020
Má chuirtear ceachtar den dá haischlib sin le tvuít cuirfear an emoji léi.
Dúirt urlabhraí ó Twitter gur do lucht vótála na hÉireann a cruthaíodh an emoji agus é bunaithe ar iompar daoine ar an ardán. Bhí an dá haischlib, an ceann Gaeilge agus Béarla, á n-úsáid cheana ag daoine, a dúirt sé.
“Táimid ag iarraidh cabhrú le daoine plé sábháilte sibhialta sláintiúil a bheith acu ar Twitter agus é a dhéanamh éasca do dhaoine a bhaineann úsáid as an tseirbhís an comhrá náisiúnta a leanúint agus baint a bheith acu leis,” arsa an t-urlabhraí.