TOGHCHÁN 2020: Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2020 – cé hiad féin?
Gaeilgeoirí iad ar a laghad 11% den 531 iarrthóir atá ag seasamh sna 39 dáilcheantar in olltoghchán na míosa seo chugainn.
De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Fianna Fáil atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu. Is é an sainmhíniú atá againn ar líofacht sa chás seo ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
25% d’iarrthóirí Fhianna Fáil, nó 21 as an 82 iarrthóir atá acu, a thug le fios go raibh Gaeilge acu.
De réir an tsuirbhé a rinne Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag breis agus trí scór de na hiarrthóirí toghcháin. Tá Gaeilge ag 59 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag neamhspleáigh nach raibh san áireamh sa suirbhé seo.
Bhí Sinn Féin agus Comhaontas Glas gob ar ghob agus 21% dá n-iarrthóirí a thug le fios go raibh dóthain Gaeilge acu le hagallamh a dhéanamh leis an meáin chraolta Ghaeilge.
Céatadán na n-iarrthóirí le Gaeilge…
Tá iarrthóir amháin ag Comhaontas Glas i ngach ceann de na 39 dáilcheantar agus thug ochtar acu le fios go raibh Gaeilge acu.
42 iarrthóir ar fad atá ag seasamh do Shinn Féin sa toghchán agus naonúr díobh, nó 21%, a thug le fios go mbeadh siad ábalta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
Maidir leis na páirtithe eile, thug Páirtí an Lucht Oibre le fios go raibh Gaeilge ag ceathrar den 31 iarrthóir acu. De réir an eolais a chuir na Daonlathaigh Shóisialta, Pobal Seachas Brabús/Solidarity agus Aontú ar fáil do Tuairisc.ie tá triúr iarrthóirí ag gach ceann de na páirtithe sin a d’fhéadfadh agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Gaeilge.
Scór iarrthóir atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta i dtoghchán na míosa seo chugainn agus 15% de na hiarrthóirí acu a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu.
31 iarrthóir atá ag seasamh sa toghchán don Lucht Oibre, agus triúr acu, nó 10%, a deir go bhfuil líofacht na Gaeilge acu.
Tá 31 iarrthóir chomh maith ag seasamh do Phobal Seachas Brabús agus Solidarity (Neart le Chéile) agus deir triúr acu go mbeadh siad sásta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
26 iarrthóir ar fad atá ag seasamh don pháirtí Aontú agus thug triúr iarrthóirí, nó 12%, le fios sa suirbhé a reáchtáil Tuairisc.ie go bhfuil dóthain Gaeilge acu le labhairt leis na meáin chraolta Ghaeilge.
20 ag seasamh
Triúr le Gaeilge
Céatadán: 15%
Niall Ó Tuathail – Gaillimh Thiar
Aengus Ó Maoláin – Baile Átha Cliath Thiar
Paul Mulvihill – Baile Átha Cliath Fine Gall
26 ag seasamh
Triúr le Gaeilge
Céatadán: 12%
Peadar Tóibín – An Mhí Thiar
Cormac Ó Corcorán – Gaillimh Thiar
Anita Mhic Ghib – Cill Dara Theas
31 ag seasamh
Triúr le Gaeilge
Céatadán: 10%
Eoghan Ó Ceannabháin – Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin (PRB)
Bríd Smith – Baile Átha Cliath Theas-Lár (PRB)
Mary Cahillane-Vallely – Luimneach (Solidarity/Neart le Chéile)