Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sinn-fein-agus-fianna-fail-is-laidre-i-ndun-na-ngall

Sinn Féin agus Fianna Fáil is láidre i nDún na nGall

Tháinig athrú mór ar sciar na vótaí a fuair Fine Gael agus Fianna Fáil i nDún na nGall san olltoghchán deireanach, agus is beag athrú a bhí ar chéatadán na vótaí a fuair Sinn Féin. Tháinig laghdú 10% ar vóta Fhine Gael i nDún na nGall idir 2011-2016, tráth a dtáinig méadú 11% ar vóta Fhianna Fáil sa chontae. D’fhan vóta Shinn Féin seasmhach, agus an laghdú níos lú ná 1%.

I measc na rudaí is mó atá ag cur isteach ar phobal Dhún na nGall, tá cúrsaí sláinte, fadhbanna le plódú in otharlann Leitir Ceanainn agus líon na n-othar a bhíonn ar thralaithe ansin, brící lochtacha mica agus chóir a bheith 5,000 teach sa chontae ina bhfuil na brící lochtacha sin, seirbhísí nó easpa seirbhísí i bpobail tuaithe, cúrsaí coiriúlachta agus breis Gardaí a bheith ar dualgas sa chontae, cúrsaí fostaíochta sna bailte beaga agus faoin tuath, an mhoill leathanbhanda ardluais a chur ar fáil ar fud an chontae, srl.

Triúr iarrthóirí ag seasamh arb as an Ghaeltacht daofa agus a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Is iad sin Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil agus Joe McHugh, Fine Gael.

Triúr iarrthóirí déag atá sa tóir ar cúig shuíochán Dála i ndáilcheantar Dhún na nGall an iarraidh seo. Is fiú go mór sracfhéachaint a thabhairt ar na ceantair ina bhfuil na hiarrthóirí lonnaithe. Tá cúigear iarrthóirí taobh le chéile in Inis Eoghain, Charlie McConalogue, FF, Pádraig Mac Lochlainn, SF, Peter Casey, NS, Arthur Desmond, NSP, agus Michael White, Comhaontas Glas. Tabharfaidh Casey, Desmond agus White vótaí ar shiúl ó McConalogue agus Mac Lochlainn, agus súil ghéar acusan beirt ar shuíochán Dála.

Tá an Comhairleoir Contae John O’Donnell as Cill Mhic Réanáin, atá mar iarrthóir Neamhspleách, agus a toghadh ar an chéad chuntas sna toghcháin áitiúla anuraidh agus 2,000 vóta aige, ar leac an dorais ag an Aire Joe McHugh, rud a mbeidh tionchar aige ar vóta McHugh. Tá buntáiste ag an Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle sa mhéid agus go bhfuil ceantar mór fairsing aige agus gan aon iarrthóir eile ina aice.

Tá dhá shuíochán Fhianna Fáil slán sábháilte, agus ba cheart go dtoghfaí Charlie McConalogue agus Pat the Cope Ó Gallachóir anseo in athuair. Seo an 10ú holltoghchán do sheanfhondúir Fhianna Fáil Pat the Cope Ó Gallachóir, a toghadh den chéad uair sa bhliain 1981. Is fiú a lua gur vóta pearsanta sciar mór dá chuid vótaí, seachas vóta Fhianna Fáil.

Tá suíochán Phiarais Uí Dhochartaigh ó Shinn Féin slán sábháilte. Tá próifíl an-ard ag an Teachta Ó Dochartaigh ar an stáitse náisiúnta de bharr a chuid oibre i gcoinne na dtáillí arda árachais. Tá sé iontach glórach chomh maith maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn. Fuair Piaras Ó Dochartaigh 10,300 vóta céadrogha in 2016, agus tá seans go mbeidh méadú go 14,000 ar an líon sin an iarraidh seo. Is é rogha na coitiantachta leis an chéad suíochán a thógáil i nDáilcheantar Dhún na nGall an iarraidh seo. Cruthóidh an phróifíl ard seo fadhb arís do Shinn Féin, ós rud é go mbeidh vótaí á bhfáil ag Ó Dochartaigh ar fud an dáilcheantair, rud a chruthóidh fadhbanna d’iarrthóir eile Shinn Féin, Pádraig Mac Lochlainn.

Bhí caint ann go bhfuil suíochán an Aire Oideachais Joe McHugh i mbaol, bíodh is go ndearna sé infheistíocht mhór i scoileanna an chontae ó ceapadh é mar Aire, agus roimhe sin mar Aire Stáit Gaeltachta, agus a lorg fágtha aige ar go leor forbairtí ar fud na Gaeltachta le linn a thréimhse mar Aire Stáit Gaeltachta. Tá ceisteanna faoin tacaíocht atá á fáil ag an Aire McHugh ó roinnt d’ionadaithe agus iar-ionadaithe poiblí an pháirtí sa chontae, ach d’éirigh leis foireann láidir stocaireachta a chur le chéile, agus 120 duine bailithe aige dá fheachtas stocaireachta sa chontae.

Níl Fine Gael chomh láidir sa chontae agus a bhíodh tráth agus níl siad aontaithe mar pháirtí le tamall, rud ba léir san easaontas a bhí i measc bhaill an pháirtí faoin dóigh ar cuireadh an Comhairleoir Frank Mac Breartaigh ar thicéad Fhine Gael do na toghcháin áitiúla anuraidh. Ceathrar Comhairleoirí Contae atá ag Fine Gael sa chontae faoi láthair agus d’éirigh beirt chomhairleoirí as an pháirtí le bliain. Bhí 0.92 de chuóta ag Fine Gael i nDún na nGall in 2016, agus beidh siad ag súil le vóta níos airde an iarraidh seo, le suíochán a choinneáil. Éireoidh go réasúnta leis an dara hiarrthóir atá ag Fine Gael, An Comhairleoir Martin Harley, ach is ag Joe McHugh a bheas an suíochán agus suíochán amháin a bheas ag Fine Gael.

Bhí 1.65 cuóta ag Sinn Féin sa Dáilcheantar in 2016 agus triúr san iomaíocht acu. Beirt atá san iomaíocht ag Sinn Féin an iarraidh seo, agus má dhéantar an vóta a bhainistiú mar is ceart, tá seans maith ag Sinn Féin ar dhá shuíochán, ach, mar a bhí an uair dheireanach, tá seans go mbeidh sé ina chath don suíochán deireanach idir Pádraig Mac Lochlainn (SF) agus Thomas Pringle (NS) ach an chosúlacht go bhfuil níos mó seans ag Mac Lochlainn an suíochán sin a fháil.

Mar sin d’fhéadfadh gur mar seo a bheidh: Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, Charlie McConalogue, Fianna Fáil, Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil, Joe McHugh, Fine Gael, agus Pádraig Mac Lochlainn, Sinn Féin.

Níos mó