Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-baol-ar-bith-ar-na-glasaigh-i-mbaile-atha-cliath-–-fine-gall

TOGHCHÁN 2020: Baol ar bith ar na Glasaigh i mBaile Átha Cliath – Fine Gall

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Ag síneadh ó Shord Cholmcille ó thuaidh le cósta go Baile Brigín agus ag síneadh go teorainn na Mí

Teachtaí Dála an 32ú Dáil ag seasamh:

Joe O’Brien (CG), Louise O’Reilly (SF), Alan Farrell (FG) agus Darragh O’Brien (FF). Brendan Ryan (LO) ag éirí as

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016, i dtoghcháin áitiúla 2019, agus i bhfothoghchán 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) “Fothoghchán
2019 (%)”
Fianna Fáil 23.5 19 18.5
Fine Gael 20.2 13 14.8
Lucht Oibre 10 16 15.2
Sinn Féin 8.7 7 5.3
Glas 4.6 10 22.9
Clé 19.1 13 6.1
Eile 14 23 16.9

Anailís: Sa bhfothoghchán mí na Nollag seo caite is é Joe O’Brien (CG) ón gComhaontas Glas a fuair an suíochán a bhí le líonadh de bharr imeacht Clare Daly (Ind4Ch) go Parlaimint na hEorpa. Bhí O’Brien (CG) i bhfad chun tosaigh ar Lorraine Clifford-Lee (FF), a bhí sa dara háit agus Duncan Smith (LO) a bhí sa tríú háit, James Reilly (FG) sa gceathrú háit agus Dean Mulligan (Ind4Ch) sa chúigiú háit. Tá an cúigear sin ag seasamh arís. Níor mhiste a bheith airdeallach agus leibhéal tacaíochta na bpáirtithe sa bhfothoghchán á úsáid mar shlat tomhais ar an tacaíocht a bheas acu sa toghchán seo. Níor vótáil ach 25% den toghlach sa bhfothoghchán anuraidh. Ní gá go mbeadh an patrún céanna vótála ag an 25% sin agus a bheidh ag an 35%-40% nár vótáil sa bhfothoghchán ach a bheas ag vótáil ar an Satharn san olltoghchán.

Bhí iarrthóir Shinn Féin, Ann Graves (SF), sa séú háit sa bhfothoghchán ach déanfaidh Louise O’Reilly (SF) níos fearr ná sin. Ó tharla an ghaoth a bheith ina seolta ag Sinn Féin ba cheart go mbeadh sí in ann a suíochán a choinneáil. Is Teachta Dála éifeachtach í Louise O’Reilly (SF) agus í ábalta cur ar a son féin agus ar son Shinn Féin ar na meáin náisiúnta.

Seo é an dáilcheantar a bhíodh ag Trevor Sargent, a d’éirigh as an gceannaireacht ar an gComhaontas Glas mar go ndúirt sé le linn an fheachtais in 2007 nach bhféadfadh sé a pháirtí a thabhairt isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil. Ghlac John Gormley (CG) leis an gceannaireacht agus chaill an Comhaontas Glas na suíocháin go léir a bhí acu in 2011, ceann Trevor Sargent san áireamh. Sa

bhfothoghchán roimh an Nollaig fuair Joe O’Brien (CG) an suíochán agus níor cheart go mbeadh aon deacracht aige é a choinneáil sa toghchán seo agus borradh faoi na Glasaigh. Fiú amháin mura mbeidh sé tofa ar an gcéad chomhaireamh beidh go leor vótaí aistrithe le fáil aige ó iarrthóirí eile a bheas á gcur as an áireamh de réir mar a bheas an comhaireamh ag dul ar aghaidh.

Is cinnte go gcoinneoidh Darragh O’Brien (FF) a shuíochán agus dá roinnfí na vótaí go cothrom eatarthu, d’fhéadfadh an dara hiarrthóir de chuid Fhianna Fáil, an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (FF), a bheith ag cur brú ar Alan Farrell (FG) nó ar James Reilly (FG) don chúigiú suíochán.

Níl dhá shuíochán anseo d’Fhine Gael. Chaill James Reilly (FG) a shuíochán in 2016. Is léir go bhfuil sé ar a dhícheall á iarraidh ar ais agus tugann sé buntáiste áirithe dhó ar a chomhghleacaí gur sheas sé sa bhfothoghchán. Chomh maith leis sin ní bhreathnaíonn sé go maith d’Alan Farrell (FG) gur thóg seisean cás cúirte ag lorg cúiteamh €15,000 ag éirí as timpiste chairr a bhí aige, cás ina ndúirt an breitheamh sa gcúirt gur cheap sé nach mórán de ghortú a bhí ann. Chomh maith leis sin bíonn trua ag toghthóirí áirithe do dhaoine a chailleann suíochán. Ar na cúiseanna sin d’fhéadfadh James Reilly (FG) a bheith chun tosaigh ar Alan Farrell (FG) agus má bhíonn, gach seans go dtoghfar é.

Ní féidir Dean Mulligan (Ind4Ch) a chur as an áireamh le suíochán Clare Daly a bhaint ar ais. Tháinig sé sa gcúigiú háit sa bhfothoghchán le 10% den vóta. Beidh vótaí aistrithe le fáil aige ó Paul Mulville (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta agus ón dá iarrthóir atá ag seasamh ar thicéad Pobal Roimh Bhrabús, chomh maith leis an iarrthóir neamhspleách, an Comhairleoir Tony Murphy (NS) as Baile Brigín, a bhí ar bharr an chomhairimh i mBaile Brigín sna toghcháin áitiúla le 1,881 vóta. Beidh Dean Mulligan (Ind4Ch) san iomaíocht go dtí an deireadh.

Rinne an Comhairleoir Duncan Smith (LO) go maith sa bhfothoghchán agus fuair sé 16% den vóta. Sna toghcháin áitiúla d’éirigh leis 1,193 vóta a fháil i Sord, an toghcheantar céanna le Dean Mulligan (Ind4ch) a bhí ar 1,304 vóta. Má éiríonn leis 16% a fháil sa toghchán seo toghfar é. Tá seisear ag Páirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Chontae Fhine Gall, comhartha go bhfuil beocht sa pháirtí sa dáilcheantar seo. Ar an gcaoi sin tá seans láidir ann go bhfaighidh Duncan Smith (LO) suíochán anseo do Pháirtí an Lucht Oibre.

Ag seasamh chomh maith tá na hiarrthóirí neamhspleácha seo a leanas: Sandra Sweetman (NS) agus an t-iriseoir Gemma O’Doherty (NS). Tá Alistair Smith ag seasamh do United People. Beirt atá ag seasamh faoi scáth Phobal Roimh Bhrabús, Terry Kelleher (PrB) agus Oghenetano John Uwhumiakpor (PrB).

Tuar: Joe O’ Brien (CG), James O’Reilly (FG), Darragh O’Brien (FF), Louise O’Reilly (SF) agus Duncan Smith (LO)

Níos mó