Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht
  • Baile
  • Covid-19
  • 1,805 cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus triúr eile básaithe sa Tuaisceart
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-1,805-cas-de-covid-19-deimhnithe-anois-in-eirinn-agus-triur-eile-basaithe-sa-tuaisceart

1,805 cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus triúr eile básaithe sa Tuaisceart

Tá 1,805 cás de Covid-18 deimhnithe anois in Éirinn agus triúr eile leis an víreas básaithe sa Tuaisceart.

32 cás nua a deimhníodh ó thuaidh inniu. Naonúr déag atá básaithe in Éirinn, naonúr ó dheas agus deichniúr ó thuaidh.

1,564 cás den víreas atá deimhnithe ó dheas den teorainn agus 241 cás atá deimhnithe ó thuaidh.

Cuireadh tástáil don ghalar ar 3,716 duine sa Tuaisceart go dtí seo.

Idir an dá linn, tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach gur in olcas a rachaidh cúrsaí sula dtiocfaidh aon fheabhas ar an ngéarchéim Covid-19.

Thug an Taoiseach an rabhadh sin sa Dáil tráth ar tuairiscíodh go raibh grúpa státseibhísigh ag obair ar phlean marbhlanna sealadacha a bhunú chun dul i ngleic le líon na ndaoine a mheastar a bhfaighidh bás de thoradh an ghalair.

Ag labhairt di le RTÉ, dúirt Liz Canavan, rúnaí cúnta don pholasaí sóisialta i Roinn an Taoisigh gur gné “leochaileach” a bhí sa phlean don ullmhúachán don bhorradh atá á thuar ar líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu go raibh “an saol níos simplí” aimsir ghéarchéim an Bhreatimeachta ná mar atá le linn na géarchéime seo sa tsláinte phoiblí.

Ach dúirt sé leis gur buntáiste anois na hullmhúcháin a bhí déanta don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Ní gá a dúirt sé i gcás pleananna go leor ach “an focal Breatimeacht a scriosadh agus coróinvíreas a scríobh ina áit”.

Bhí an Taoiseach ag labhairt sa Dáil mar a bhfuil tuilleadh reachtaíochta éigeandála á deifriú tríd chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus leis an tionchar a bheidh aici ar chúrsaí eacnamaíochta.

Má leanann na bearta dúnta is dianghlasála ar aghaidh ar feadh 12 seachtain agus má thagann an eacnamaíocht chuici féin arís ina dhiaidh sin, measann an ESRI go laghdóidh an geilleagar 7.1% in 2020.

An bhliain seo caite, bhí fás 5.5% ar an eacnamaíocht sa tír seo.

Measann an ESRI go gcaillfidh suas le 350,000 duine a gcuid post, agus is ionann sin agus an séú cuid den lucht saothair.

Cuirfear stop anocht sa Dáil le plé an ‘Emergency Measures in the Public Interest Bill’ chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála bualadh bos a thabhairt d’oibrithe sláinte.

Níos túisce inniu sa Dáil dúirt roinnt Teachtaí Dála go raibh a thuilleadh áiseanna agus trealaimh chosantach ag teastáil ar bhonn práinne ó na hoibrithe sláinte céanna.

Thug an Taoiseach le fios chomh maith nach gcuirfear ar ceal ar fad i ndiaidh na géarchéime an reo táillí trí mhí do chrècheanna.

Cé gur beartais shealadacha a bheidh i mbeartais áirithe atá tugtha isteach ar feadh trí mhí, ní gá gur amhlaidh a bheidh i gcás na mbeartas san earnáil cúram leanaí, arsa an Taoiseach.

Faoi na beartais sin, íocfar a bpá iomlán le oibrithe cúram leanaí agus ní bheidh ar thuismitheoirí táillí a íoc ar feadh trí mhí chun áit a leanaí a choimeád sa crèche.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge