Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘an-dushlan-is-mo-a-bhi-roimh-an-tir-seo-riamh’-–-harris

‘An dúshlán is mó a bhí roimh an tír seo riamh’ – Harris

‘An dúshlán is mó a bhí roimh an tír seo riamh’.

B’in an cur síos a rinne an tAire Sláinte Simon Harris tráthnóna ar an ngéarchéim Covid-19.

Agus é faoi agallamh ar nuacht Virgin Media, dúirt an tAire go raibh tábhacht leis na figiúirí laethúla maidir le líon na gcásanna deimhnithe nua de Covid-19 ach nár chóir éirí róghafa leo agus gur mó an imní a bhí air faoi líon na ndaoine a bhí in aonaid dianchúraim de bharr an ghalair.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 36 duine a bhí in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite. B’ionann sin agus 3.7% de na cásanna deimhnithe go léir.

Staitisticí ospidéil
Líon iomlán na gcásanna 965
San ospidéal 277
In Aonad Dianchúraim 36
Líon na mbásanna 6
Ráta báis 0.6
Líon na n-oibrithe sláinte 247
Aois ar an meán 44
Líon na mbraislí cásanna 45

Ag preasócáid a bhí ar siúl níos luaithe inniu, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur i dtús na práinne atá an tír seo agus luaigh sé an uair sin chomh maith an imní atá ann faoi líon na n-othar atá á gcur isteach in aonaid dianchúraim sna hospidéil.

Dúirt an tAire go raibh an acmhainn atá sa tseirbhís sláinte ag feabhsú gach uile lá ach dá mhéad leapacha breise a chuirfí ar fáil nár leor iad  mura gcuirfí srian ar scaipeadh an víris.

Chuir sé fainic orainn gan a bheith ag ceapadh gur údar misnigh na huimhreacha is déanaí.

Simon Harris

Tá 37 cás eile de Covid-19 deimhnithe sa Tuaisceart, mar a bhfuil 209 cás ar fad anois.

1,538 cás atá deimhnithe anois in Éirinn agus ó dheas den teorainn atá 1,329 de na cásanna sin.

Tá sé deimhnithe chomh maith ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt go bhfuil seachtar a raibh Covid-19 orthu anois básaithe. Fágann sin gur ceathrar déag atá básaithe go dtí seo in Éirinn, seachtar ó thuaidh den teorainn agus seachtar ó dheas di.

Magdalene Mitchell, bean 80 bliain d’aois as an Tuaisceart a bhí buailte ag Covid-19, an duine is déanaí le Covid-19 a fuair bás ó thuaidh. Dúirt a gariníon leis an BBC go raibh cion ag cách ar a seanmháthair. Bhí Magdalene Mitchell ina cónaí i dteach altranais agus buaileadh tinn í cúig lá ó shin.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an chuma air faoi láthair nach mbeidh 15,000 cás den Covid-19 deimhnithe sa tír seo roimh dheireadh na míosa, rud a bhí á thuar aige roimhe seo.

“Tá beagnach 200 cás nua á n-aimsiú gach lá go fóill agus ní féidir linn a cheapadh go bhfuil an víreas seo á sháinniú againn go dtí go dtosóidh líon na gcásanna nua ag titim gach uile lá,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoifigeach Sláinte na tíre seo, an Dr Tony Holohan go raibh laghdú suntasach tagtha ar an líon teagmhálaithe a bhí ag othair, ó thart ar 20 duine go dtí cúigear, ach dúirt sé go raibh sé i bhfad róluath go fóill aon uchtach a bhaint as an laghdú sin.

Cháin an tAire Sláine Simon Harris an mínós atá ar bun ag daoine áirithe a bheith ag casacht san éadan ar dhaoine agus físeán den bheart a chur amach ar na meáin shóisialta. Dúirt an tAire go ndearna beirt a leithéid leis féin Dé Máirt. “Ní haon chluiche é an nós sin. Is mór an ghráin é,” a dúirt sé agus gheall sé go gcuirfí an dlí i bhfeidhm go géar ar aon duine a dhéanfadh a leithéid.

Gabhadh beirt i mBÁC as a bheith ag casacht san aghaidh ar ghardaí a bhí ag iarraidh scaipeadh a chur ar ghrúpaí móra daoine óga.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhaoine scéal a thabhairt dóibh sa chás go mbeadh aon duine ag casacht sa mhullach orthu nó ag caitheamh seilí leo chun imeaglú a dhéanamh orthu.

Bhí an Taoiseach agus an tAire Sláinte ag caint ag preasócáid i dTithe an Rialtais tráthnóna mar ar seoladh bileog eolais nua faoin gcoróinvíreas a bheidh á seachadadh chuig gach teaghlach sa tír tríd An Post.

Idir an dá linn, Is mó daoine atá curtha den saol ag Covid-19 sa Spáinn ná sa tSín faoin tráth seo. Ba é inné an lá ba mheasa fós sa Spáinn agus fógraíodh gur bhásaigh 738 duine a raibh an galar tolgtha acu inné. Bhí ardú 20% go dtí  47,610 duine ar an líon a raibh sé deimhnithe go raibh an aicíd tolgtha acu.

Tá 3,434 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn anois, 149 duine níos mó ná a bhásaigh sa tSín ón ngalar. An Iodáil is measa atá buailte ag an bpaindéim. Tuairiscíodh 683 bás eile sa tír sin tráthnóna, i gcomparáid le 743 bás inné, rud a fhágann gur 7,503 duine le Covid-19 atá básaithe anois sa Iodáil.

Pictiúr Col. Richard Goldenberg

Tá an ráig den choróinvíreas ag gabháil in olcas ar fud na Stát Aontaithe agus é scaipthe amach go rábach as na háiteanna ba mheasa a bhí buailte go dtí seo – Nua-Eabhrac, California agus stát Washington. Tá Louisiana agus Iowa fógartha mar láithreacha éigeandála feidearálacha anois.

D’fhógair an Teach Bán agus ceannairí an dá mhórpháirtí sa Seanad go raibh bille éigeandála á rith chun $2 trilliún a chur ar fáil le cuidiú a thabhairt do ghnóthaí, d’oibrithe agus don chóras sláinte agus iad ag iarraidh déileáil le paindéim an choróinvíris.

Tá dianghlasáil curtha i bhfeidhm ar 1.3 billiún duine san India agus an aicíd ag leathadh go tréan ansin. 

I dtuairisc ón Imperial College in Ollscoil Londan, maítear go bhfuil chuile chosúlacht ar chúrsaí gur oibrigh an dianghlasáil agus an scoitheadh sóisialta a chuir rialtas na Síne i bhfeidhm go docht in Wuhan agus i gcúigí eile le scaipeadh an choróinvíris a chur faoi chois.

D’fhéadfadh gur bealach a bheadh sa gcur chuige sin leis an saol a chur ina cheart arís, a dúradh.

Dúirt an tOllamh Niall Ferguson, ceann foirne an taighde san ollscoil sin go raibh “údar dóchais éigin” ina gcuid anailíse féin do na tíortha eile ar fad atá ag déileáil leis an bpaindéim faoi láthair. Dúirt sé go bhféadfaí an scoitheadh sóisialta a mhaolú nuair a bheadh líon na gcásanna íslithe.

Ach chaithfí bearta eile a thabhairt isteach ansin ionas nach dtiocfadh borradh an athuair faoi ionfhabhtuithe.

Dúirt Ferguson chomh maith má bhí fúinn an dianghlasaíl a mhaolú go gcaithfí “tástálacha a dhéanamh go gasta agus go seasta agus na polasaithe maidir leis an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm go docht ar othair agus ar a lucht teagmhála”.

Tá sé deimhnithe ag teaghlach ríoga Shasana go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag mac na Banríona, Prionsa Séarlas Shasana ach nach bhfuil sé buailte go dona agus go bhfuil sé “i ndea-shláinte’ thairis sin. Níl Séarlas ag coinneáil na leapa agus tá sé ag leanúint air lena chuid oibre, a dúradh. Measann dochtúirí nach mbeadh aon duine in ann an galar a thógáil uaidh roimh an 13 Márta agus an lá roimhe sin a bhí sé i gcuideachta a mháthar go deireanach.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge