Tá 13 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus 402 cás nua deimhnithe ó dheas.
134 duine atá básaithe faoin tráth seo in Éirinn, 98 ó dheas agus 36 ó thuaidh.
Maidir leis an 13 duine is déanaí a bhásaigh naonúr fear agus ceathrar ban a bhí i gceist. Bhí oirthear a bhí naonúr, bhí triúr san iarthar agus duine amháin i ndeisceart na tíre.
Bhí fadhbanna sláinte eile ag deichniúr.
Tá 4,623 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn, 3,849 cás ó dheas agus 774 cás ó thuaidh.
Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh seisear eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.
85 cás nua a deimhníodh ó thuaidh inniu agus 774 cás ar fad atá ann. 6,899 tástáil atá déanta sa Tuaisceart san iomlán, 449 le lá anuas.
Idir an dá linn, tá níos mó daoine as obair anois ná mar a bhí le linn na géarchéime eacnamaíochta deiridh agus an ráta dífhostaíochta imithe ó 4% go dtí 17% taobh istigh de mhí.
16% an ráta dífhostaíochta ba mheasa le linn na géarchéime eacnamaíocht deiridh.
513,000 duine atá anois ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Thart ar 300,000 a chaill a bpost ó thosaigh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí.
Tá íocaíocht speisialta €350 in aghaidh na seachtainte curtha ar fáil do na daoine sin.
Tá léargas i dtuairisceán an státchiste a foilsíodh inniu ar an lorg atá fágtha ag an bpaindéim ar an airgeadas poiblí.
Bhí an teacht isteach ó chúrsaí cánach i mí an Mhárta nach mór €1 billiún níos lú ná mar a bhí i Márta na bliana seo caite, titim 20%.
Ní raibh ach a leath de theacht isteach ó CBL is a bhí anuraidh, léiriú ar na deacrachtaí móra atá ag cur as do lucht gnó.
Easnamh €2.5 billiún sa státchiste a tuairiscíodh ag deireadh mhí an Mhárta.
Tá sé ráite ag an Tánaiste Simon Coveney go bhféadfadh go gcuirfí síneadh ama leis na srianta a tugadh isteach an tseachtain seo caite le scaipeadh Covid-19 a cheansú.
Domhnach Cásca an 12 Aibreán an dáta a luadh leo ar dtús.
Ordaíodh do dhaoine gan an baile a fhágáil ach i gcás fánach agus cuireadh cosc ar dhaoine a bheith ag cruinniú ina chéile go príobháideach ná go poiblí go ceann coicíse ar mhaithe le hiarrachtaí móra an Rialtais dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.
“Sílim gur chóir do dhaoine glacadh leis go bhféadfadh na srianta seo a bheith i bhfeidhm go ceann tamaill,” a dúirt an tAire Coveney ar maidin.
“Shocraíomar tréimhse coicíse ar dtús ach déarfainn go bhfuil an-seans ann go mbeidh orainn dul níos faide ná an spriocdháta sin. Ach sin cinneadh a dhéanfar ar an gcomhairle sláinte phoiblí is fearr.”
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go gcuirfí dlús mór leis an tástáil do Covid-19 sna 10-14 lá atá amach romhainn de réir mar a bheadh na ceimiceáin saotharlainne atá riachtanach dóibh ar fáil.
Dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an HSE, go raibh siad “i mbun tóraíochta ar fud na cruinne” faoi láthair ag cuardach imoibrithe atá riachtanach sa bpróiseas tástála.
Dúirt Reid go ndéanfaí cuid de na tástálacha a phróiseáil thar lear in iarracht déileáil leis na scuainí atá ag fanacht le torthaí a dtástála.
Dúirt sé chomh go dtabharfaí tosaíocht do dhreamanna atá criticiúil, oibrithe cúram sláinte agus othair atá in ospidéil agus a leithéidí.
Úsáidtear an t-imoibrí seo, atá gann ar fud na cruinne faoi láthair, chun cill a oscailt le go mbeidh an lucht anailíse in ann mianach géiniteach an víris a sheiceáil.
Tá dhá athrú déanta ar na critéir thástála agus ón tseachtain seo ar aghaidh, aon duine a dheimhnítear an víreas a bheith tolgtha aige, déanfar rianú ar gach duine a bhí i dteagmháil leis i rith an 48 uair an chloig sula raibh aon chomharthaí sóirt le haithint air féin.
Tá an t-athrú seo á dhéanamh mar go bhfuil an fhianaise ag méadú gur féidir le hothar an galar seo a scaipeadh sula mbíonn aon chomharthaí sóirt le haithint air féin, tras-seoladh aisiomptómach mar a thugtar air.
Chomh maith leis sin, lorgófar na daoine ar fad a bhí i dteagmháil le haon duine a measann a dhochtúir Covid-19 a bheith tolgtha aige, is cuma más ag fanacht ar thástáil atá sé fós.