Tá 25 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, rud a fhágann go bhfuil os cionn 300 duine san iomlán básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig.
San oirthear a bhí triúr déag de na daoine a bhásaigh agus bhí ochtar i dtuaisceart na tíre. Bhí beirt i ndeisceart na tíre agus san iarthar a bhí an bheirt eile.
Bhí fadhbanna sláinte eile ag 18 duine acu.
Ba í an aois mheánach ná 80.
365 cás nua den choróinvíreas atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte.
313 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 78 duine ó thuaidh den teorainn agus 235 ó dheas di. 7,413 cás atá in Éirinn, 6,074 ó dheas agus 1,339 ó thuaidh.
Fógraíodh chomh maith anocht gur 137 braisle cásanna atá anois in ionaid altranais agus ionaid chúraim na tíre, méadú suntasach eile.
Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna go raibh cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.
84 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 406 duine eile ó inné.
Tá tástáil curtha ar 9,564 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig. 42,484 tástáil don choróinvíreas a bhí déanta ó dheas faoin lá inné.
Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an dá rialtas ag impí ar dhaoine fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.
Tuilleadh le teacht…