Tá Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlacthach do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá an Seanadóir as Vermont Bernie Sanders éirithe as an rás d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Fágann cinneadh Sanders, gurb é an t-iar-leasuachtarán Joe Biden, iarrthóir na heite coimeádaí den pháirtí, a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump.
Bhí ag éirí go maith i dtús aimsire le Biden, ach chinn an daonlathaí sóisialach, arb é seo a dhara hiarracht ar an ainmniúchán, éirí as an rás i ndiaidh do Biden an ceann is fearr a fháil air i scata réamhthoghchán, ina measc cinn mhóra i leithéidí Florida agus Michigan.