Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caineadh-deanta-sa-dail-ar-an-rialtas-mar-gheall-ar-easpa-tastala-agus-tredhearcachta

Cáineadh déanta sa Dáil ar an Rialtas mar gheall ar easpa tástála agus trédhearcachta

| Tuairisc.ie | ,

Rinneadh cáineadh láidir sa Dáil inniu ar an Rialtas maidir le gnéithe dá gcur chuige i leith an fheachtais i gcoinne an choróinvíris.

Mhaígh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh imní ar dhaoine mar gheall ar an easpa “soiléireachta” faoi cathain agus conas a scaoilfear na srianta a tugadh isteach le dul i ngleic le scaipeadh an Covid-19.

“Aon staidéar le dealramh a deineadh riamh faoi ghéarchéimeanna móra, léiríonn sé go bhfuil an mhuinín ag brath ar an trédhearcacht,” arsa Martin.

Mhaígh Martin gur tugadh le fios do cheannairí pháirtithe an fhreasúra nach raibh tábhacht leis an tástáil fad is a bhain sé le scaoileadh na srianta dianghlasála ach nach léir gurb amhlaidh an scéal.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go mbeadh sé “an-chontúirteach” tosú ar na srianta a mhaolú gan córas do tástáil chuimsitheach a bheith in áit. 

Údar imní ab ea é, a dúirt McDonald, go rabhthas ar tí straitéis éalaithe a fhógairt tráth nach raibh dóthain “uaillmhéine” á léiriú ag an Taoiseach i dtaobh na tástála.

Mhol ceannaire Shinn Féin an plean a tugadh isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair, ach dúirt sí gur trua an chaint san aer gan aon chur leis a bhí ar bun, dar léi, ag baill den rialtas agus iad ag trácht ar mhaolú na srianta ar an 5 Bealtaine

Chuir an chaint sin mearbhall ar dhaoine agus tugadh le tuiscint do dhaoine gurb é Dé Máirt seo chugainn “lá na cinniúna”, a dúirt sí.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly i leith an Rialtais gur leag siad sprioc tástála síos don HSE gan dul i gcomhairle leo roimh ré.

Mhaígh Kelly gur scríobh Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte litir go dtí an tAire Sláinte inar léiríodh an imní a bhí orthu faoin tslí a raibh an scéal á láimhseáil ag an Rialtas.

Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan gur léir gur theip ar an Rialtas a spriocanna tástála a bhaint amach agus gur cheart an méid sin a admháil.

Dúirt Róisin Shortall, ceannaire de chuid na nDaonlathach Sóisialta, go dtiocfadh fás athuair ar líon na ndaoine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim mura mbeadh córas olltástála agus cuardaigh ceart ann.

Dúirt Shortall nár éirigh leis an Rialtas “dul gar” don sprioc tástála a leag siad síos trí mhí ó shin – 15,000 tástáil in aghaidh an lae.

Mar fhreagra ar an gcáineadh faoi chúrsaí tástála, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh breis is 150,000 tástáil déanta agus gur fhág sin go raibh an Stát sé séú háit san AE ó thaobh líon na dtástálacha atá déanta per capita

Thug an Taoiseach le fios go mbeadh an plean chun na srianta a mhaolú á chur faoi bhráid an Rialtais amárach.

De réir a chéile a dhéanfaí aon athruithe agus dhéanfaí na hathruithe sin gach 2-4 seachtaine. Chuirfí srianta i bhfeidhm arís sa chás go gceapfaí go raibh an galar ag éirí níos coitianta i measc an phobail nó dá dtiocfadh brú ar an gcóras sláinte. 

Dúirt an Taoiseach go mbeadh scaoileadh na srianta ag brath ar chúig chritéar:

  • Scaipeadh an ghalair a bheith sách íseal
  • An córas sláinte a bheith in acmhainn déileáil leis an ngalar
  • Córas tástála agus cuardaigh sásúil a bheith ann
  • An córas a bheith in acmhainn cosaint a thabhairt do na daoine is leochailí
  • An baol go gcaillfí daoine mar gheall ar na srianta féin

Dúirt an Taoiseach gur sábháladh beatha go leor daoine cheana féin ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar bun an galar a choimeád faoi chois.

Ní raibh an tír “ó bhaol go fóill” ach ba faoin Rialtas é dóchas a thabhairt anois do dhaoine go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Níos mó