Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comortais-liteartha-an-oireachtais-agus-imeachtai-baile-eile

Comórtais Liteartha an Oireachtais agus imeachtaí baile eile

| Sinead Ni Uallachain |

Sraith de chuid BLOC, ‘i gCoraintín’

Tá struchtúr an lae athraithe ó bhonn do scata againn le tamall anuas. I mo chás féin, téim a chodladh níos déanaí agus ní ithim lón ag an am céanna a thuilleadh. Tá mo chuid laethanta as riocht! Más duine tú a itheann lón ag 13.00 de ghnáth, bí ar an eolas faoi chomhráití atá eagraithe ag BLOC uair sa tseachtain ag an am sin! Labhrann Mícheál Ó Ciaraidh le haíonna éagsúla sa tsraith seo ar a bhfuiltear ag tabhairt ‘i gCoraintín’ air.  

Le cúpla seachtain anuas bhí Chris Greene, Gavin Ó Fearraigh agus Cian, ó ‘Gaylgeoirí’ faoi agallamh. Is ar Instagram Live a tharlaíonn a leithéid. Cuirtear fógra mar gheall air in airde, cúpla lá roimh ré — bí ag faire dó! D’fhéadfá do lón féin a ithe i gcomhluadar breá.

An fhéile Cúirt ar líne

Is cuimhin liom go maith a bheith ag scríobh faoin bhféile litríochta Cúirt ar an leathanach seo le tamall de bhlianta. Níor cheapas gur amhlaidh a bheadh in 2020 áfach, i bhfianaise gach atá feicthe againn le cúpla seachtain anuas – ach ní mar a shíltear a bhítear is léir.

 Tá an fhéile faoi lán seoil ar líne ó bhí inné ann agus leanfaidh na himeachtaí go dtí an lá amárach. I measc imeachtaí na hAoine, beidh comhrá le clos idir Elaine Feeney agus Lisa McInerney, aoi-eagarthóirí na hirise The Stinging Fly; agus beidh an scríbhneoir Anne Enright faoi agallamh ag Rick O’Shea níos déanaí sa tráthnóna. Tá lá eile imeachtaí beartaithe don Satharn, ina measc comhrá leis na scríbhneoirí Kevin Barry agus Jan Carson. B’fhiú súil a chaitheamh ar an suíomh atá acu, cuirt.ie

Comórtais Liteartha an Oireachtais

Tá sé ráite agam cheana agus déarfaidh mé arís é – seo an t-am le bheith cruthaitheach! Ainneoin go bhfuil éadóchas ar Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais faoi fhéile na bliana seo, tá iontrálacha fós á lorg dá gcomórtais liteartha. 23 comórtas ar fad atá sa chlár i mbliana, dírithe ar scríbhneoirí óga agus fásta. Tá duaischiste iontach acu, dóibh siúd a mbeidh an t-ádh leo! Seo an t-am, cuir peann le pár agus tabhair cuairt ar an leathanach idirlín seo

Ciorcail Comhrá de chuid Chonradh na Gaeilge

Ar scáth a chéile a mhairimid agus faoi láthair, ní ar chumas na héinne atá sé a bheith i measc a gcairde ná a muintire. Ar an mbonn sin, tá Ciorcail Comhrá Gaeilge eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun daoine a nascadh le chéile. Seo deis do dhaoine ní hamháin daoine eile a fheiscint (ar scáileán), ach chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh chomh maith. Is iad na grúpaí pobail agus na craobhacha timpeall na tíre atá á n-eagrú seo. Gheobhaidh tú gach eolas atá uait, ach teachtaireacht a sheoladh chuig caint@cnag.ie chun liosta na gcontaetha agus na gceantar a fheiscint.

Pop Up Gaeltacht, anocht @ 23:00, ar líne

Tá Pop Up Gaeltacht á heagrú ag dream an chuntais ‘Let’s Learn Irish’ anocht. Is ar líne atá a leithéid le bheith ar siúl, mar chuid d’Fhéile na Gaeilge atá ar bun acu le cúpla lá anuas. Is ag 23:00 am na hÉireann a bheidh sé ar tosú (18:00 ET). Craic, comhluadar agus ceol atá geallta, gach eolas ar an leathanach seo

Níos mó