Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-litir-on-gcataloin:-ta-cead-amach-ag-m’inion-den-chead-uair-le se-seachtaine

LITIR ÓN gCATALÓIN: Tá cead amach ag m’iníon den chéad uair le sé seachtaine

Tá saoirse de chineál faighte ag m’iníon Ailbhe, tar éis sé seachtaine a chaitheamh faoi dhíon an tí.

Bhuel, níl sé sin baileach fíor. Chuaigh muid beirt síos go dtí an garáiste roinnt uaireanta mar go bhfuil spás breá ann le bheith ag rothaíocht, i ngan fhios do na póilíní. Níl aon duine ag corraí isteach ná amach as bloc árasan s’againne mórán agus bíonn an garáiste againn dúinn féin.

Níl aon mheas ar an ngaráiste inniu áfach, mar go bhfuil ceadúnas speisialta ina seilbh aici. Tugann ordú nua ón rialtas cead do ghasúr atá faoi bhun ceithre bliana déag uair an chloig spaisteoireachta a dhéanamh sa ló. Tá a fhios aici na rialacha, mar gur tháinig ríomhphost ildaite ón scoil á míniú agus tá an-mheas ar an méid a deireann an mháistreás, tugaim faoi deara.

Meabhraíonn sí dom faoi na rialacha agus í ag fáisceadh beiltín a clogaid faoina smig. Níl aon chead a bheith ag spraoi le gasúir eile. Caithfidh muid na lámha a níochán nuair a thagann muid abhaile. Nuair atá sí sásta ina hintinn go dtuigeann Deaide na rialacha, suas léi ar a rothar agus buaileann muid bóthar go meidhreach i dtreo na farraige. 

Ní chastar dúinn sa gcomharsanacht ach fear atá amuigh ag radaireacht lena ghadhar, strapa i lámh amháin agus toitín sa lámh eile. Tá ráflaí ag dul thart anseo le scaitheamh go bhféadfadh toitíní a bheith go maith i gcoinne an víris.

D’aithneofá ar an dúil atá ag an seandúdaire seo nach bhfuil cead tobac aige sa mbaile agus go deimhin go mbeadh sé á shú beag beann ar aon chosaint a thabharfadh sé duit.

Trasnaíonn muid go béasach an bóthar á sheachaint, ag cloí leis na rialacha nua maidir leis an scoitheadh sóisialta. 

Ní fada go bhfuil muid san áit a n-imíonn sí lena dúchas. Le béic bhródúil ardaíonn sí í féin den diallait agus síos léi an phromanáid leathan ina toirneach, líne fhada crainn phailme ar thaobh amháin di agus an trá ar an taobh eile. Scaoilim léi ag súil go dtuirseoidh sí amach í féin go maith. 

Sin é a theastaigh uaithi, allas a chur amuigh san aer úr. Tá go leor imní ar dhaoine anseo, saineolaithe ina measc, go bhfuil an ghéarchéim seo ag déanamh dochair ar leith do ghasúir. Tá méadú tagtha ar an líon glaonna ar dhochtúirí maidir le fadhbanna meabhairshláinte gasúr: tromluí i lár na hoíche, deacrachtaí codlata, caoineadh gan údar, faitíos go gcaillfidh tuismitheoirí a jab nó go bhfaighidh mamó nó daideo bás leis an ngalar. 

Ligeann sí brathladh aisti. Tá sí ag filleadh orm. Geallaim di go raibh mé ag faire uirthi, ach níl aon mhaith ag caint.

Tá a fhios agam gur tuirse atá ag cur cantail uirthi. Suím síos ar cheann de na binsí gaineamhchloiche atá ina líne ar thaobh amháin den phromanáid.

Cé go bhfuil an ghrian ag dul ina luí, airím sna hioscaidí an teas atá súite isteach ag an gcloch gheal-bhuí fúm ó mhaidin.

Caithim díom mo léine agus breathnaím amach ar lomchraiceann socair na farraige. An t-am seo den tráthnóna is iondúil go mbeadh soithí tráchtála agus longa cúrsáil só le feiceáil ag seoladh leo ar íor na spéire nó go bhfeicfí báid seoil ag filleadh ar an gcalafort.

Tagann sí i mo mhullach go tobann agus éiríonn liom í a chrochadh suas i mo ghabháil.

Tá sí ag iarraidh clocha a chaitheamh sa bhfarraige ón trá ach tá sé in am againn filleadh abhaile.

Athraím an comhrá i bhfaiteadh na súl trí dhíriú ar an gcéad rud a thagann isteach i mo chloigeann. Gnáthchleas ag tuismitheoir le gasúr trí bliana. 

“Breathnaigh” a deirim, ar nós nach dtug mé  riamh faoi deara é agus mé ag síneadh mo mhéire i dtreo na ribí i lár mo chliabhraigh. “Tá an dath imithe astu sin. Tá siad liath.”

Cuireann sí spéis anseo agus déantar dearmad go fóill ar dhuirling na trá. Tosaíonn sí mo cheistiú agus críochnaíonn gach freagra uaimse le ‘Cén fáth?’ eile uaithise. 

Míním di go mbeidh mé ag dul liath de réir a chéile mar a fhaighim níos sine. 

Déanann sí machnamh air seo, ag breathnú isteach sna súile orm go staidéarach. 

Tosaíonn a liopa íochtair ag critheadh, tagann dath geal ar a héadan agus líonann a súile le deora nó go mbriseann siad amach ar na pluca a bhí dearg go dtí anois.

“Níl mé ag iarraidh go bhfaigheadh tusa sean, a Dheaide” a deireann sí liom go faiteach ar nós go raibh a domhan ar fad iompaithe bunoscionn ag athrú beag neamhurchóideach.

Fáiscim isteach liom í agus ardaíonn sise a lámha suas timpeall mo mhuiníl. 

“Níl mé ag iarraidh go bhfaigheadh tusa sean a Dheaide, all day.” 

All day” an leagan nua atá aici ar an achar is faide ama a thuigeann sí.

Bainim an dochar as a cuid imní á ceansú le amhránín a thaitníonn léi. 

Tá muid ag seoladh i bhfarraigí allúracha fós agus is éasca a chuirfeadh siorra carraige mairnéalach i mbaol. 

Níos mó

Cathal Ó Cuaig

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge