Tá síneadh ama fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar na srianta atá i bhfeidhm ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta na tíre.
Is go dtí Dé Máirt an 5 Bealtaine a mhairfidh na srianta.
Fógraíodh an síneadh ama i ndiaidh d’oifigigh shinsearacha na sláinte poiblí cruinniú a bheith acu inniu chun na chéad chéimeanna eile san fheachtas i gcoinne scaipeadh an choróinvíris a phlé.
Dúirt an Taoiseach go raibh an cinneadh bunaithe ar chomhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.
Fógraíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil scrúduithe na hArdteiste á gcur siar go dtí deireadh mhí Iúil nó mí Lúnasa agus go bhfuil scrúdithe an Teastais Shóisearaigh curtha ar ceal.
In áit scrúduithe an Teastais Shóisearaigh, déanfaidh daltaí scrúduithe sa rang sa bhfómhar.
–Tuilleadh le teacht…