AR SCÁTH A CHÉILE: Moladh mór don Aire Sláinte as tvúit i nGaeilge a chur amach
Moladh mór don Aire Sláinte as tvúit i nGaeilge a chur amach
Tá moladh mór faighte ag an Aire Sláinte Simon Harris as tvuít i nGaeilge a chuir sé amach do pháistí le Gaeilge atá sa bhaile le linn na paindéime.
Sorcha Ní Chéilleachair, ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a d’iarr ar Harris teachtaireacht i nGaeilge a chur amach do pháistí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.
Dúirt Harris go dtuigeann sé go bhfuil “go leor páistí” a labhraíonn Gaeilge sa bhaile agus gur mian leis teachtaireacht “speisialta” a sheoladh chucu.
Tuigim go bhfuil go leor páistí a labhrann Gaeilge sa bhaile. Ba mhaith liom teachtaireacht speisialta a sheoladh chugaibhse. Leanaigí oraibh ag cabhrú le Mam agus Dad, agus do dheirfiúr nó deartháir. Tiocfaidh muid Slán agus ná déan dearmad- Is sár laochra iad na laochra is lú!
— Simon Harris TD (@SimonHarrisTD) May 17, 2020
Ar na daoine a mhol an t-aire as an tvuít Ghaeilge, bhí an scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin, agus na heagraíochtaí ‘Gaelainn Uíbh Ráthaigh’ agus TG4.
Maith thú, a Aire – agus maith thú faoi na teachtaireachtaí eile roimhe seo a bhí dírithe go sonrach ar pháistí. Tréimhse an-deacair í seo do na saoránaigh is óige inár measc agus is maith a fheiceáil go bhfuil tú ag iarraidh misneach a thabhairt dóibh. Treise leat.
— Tadhg Mac Dhonnagáin (@macdhtadhg) May 17, 2020
Maith thú a Aire. 👏🏼
— TG4TV (@TG4TV) May 17, 2020
Teachtaireacht an-speisialta.
— Gaelainn Uíbh Ráthaigh – Sábháil an 🌍 Fan aige 🏠 (@gaelainn) May 17, 2020
Grma a Aire! Is mór againn do bhréithre blasta.
— Sorcha Ní Chéilleachair (@SorchaNiCh) May 17, 2020
Dúirt Simon Harris go mbeadh físeán á chur amach aige inniu ina bhfreagróidh sé ceisteanna a bhí ag páistí faoi ghéarchéim an choróinvíris.
D’iarr tuismitheoir amháin ar an Aire a chinntiú go labhródh sé Gaeilge san fhíseán.
Please do include this or some other Gaeilge in the video. Hearing our native language include means an incredible amount to little ears.
— Darren (@darrendoyle) May 17, 2020
Tá cáineadh géar déanta ar an rialtas toisc fíorbheagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach acu ar fáil i nGaeilge.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, is i mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte phoiblí, an chomhairle is déanaí maidir leis an ghalar, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus grafaicí atá foilsithe ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.