Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feasta-na-bealtaine-agus-imeachtai-eile-baile

Féasta na Bealtaine agus imeachtaí eile baile

| Sinead Ni Uallachain |

Ceardlanna raidió le Raidió Rí-Rá, ar-líne agus saor in aisce!

An raibh sé riamh sa cheann agat clár raidió a chur le chéile, ach nach raibh an tuiscint cheart agat ar an bpróiseas? Má sea, bí ar an eolas go bhfuil ceardlanna raidió ar líne á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá, ina múinfear scileanna cumarsáide agus raidió. Is dírithe den gcuid is mó ar dhaltaí meánscoile atá na ceachtanna seo, ina mbeidh roinnt craic, gealltar! Níl aon chostas orthu, níl le déanamh ach teachtaireacht a sheoladh chuig lucht an stáisiúin eolas@rrr.ie

Comórtas curadóireachta Chonamara Láir

Tá go leor againn ag caitheamh go leor ama amuigh sa gharraí. Cuid againn ag sú na gréine, cuid eile i mbun aclaíochta agus cuid eile ag cur agus ag baint! Tá comórtas curadóireachta eagraithe ag an dream a thugann Conamara Láir orthu féin; baineann an grúpa seo leis an limistéar siar trí Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal agus chomh fada ó thuaidh leis an Sraith Salach. Tá suíomh ar-líne acu (conamaralair.ie) agus cuireann siad eolas áitiúil in airde mar gheall ar imeachtaí agus a leithéid.

Le bheith san áireamh don gcomórtas curadóireachta seo, tá siad ag súil go gcoimeádfaidh tú dialann Ghaeilge faoi dhul chun cinn do gharraí más ag cur glasraí nó prátaí atá tú i mbliana! Tá dearbhán do shiopa garraíodóireachta le buachan. Is féidir clárú ach teagmháil a dhéanamh le opt@conamaralair.ie

Féasta cheoil ar-líne, anocht, eagraithe ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Beidh Féasta na Bealtaine ar-líne, ar bun anocht! Deis do lucht féachana scoth an cheoil a chlos ó leithéidí Diane Cannon, Emma Ní Fhíoruisce, Gráinne Holland, mar aon le Zoe Conway agus John McIntyre. Níl ansin ach blaiseadh beag do na ceoltóirí a bheidh páirteach san imeacht seo a léireoidh eilimintí d’oidhreacht agus do chultúr na nGael. Is í Caoimhe Ní Chathail a bheidh á chur i láthair. Is féidir súil a chaitheamh ar an gcoirm ar leathanach YouTube nó Facebook Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, an dream atá á heagrú. Cuirfear tús leis timpeall 20:30 agus más mian leat, is féidir leat síntiús a thabhairt dóibh ach an nasc PayPal seo a leanúint: paypal.me/culturlann 

Borrow Box, Aip Leabharlainne

Más ball tú de do leabharlann áitiúil, ach nach bhfuil an deis agat dul chuige in am seo an ghátair, b’fhiú cur amach a bheith agat ar Borrow Box. Is aip atá ann a ligeann duit leabhair nó closleabhair a thógaint ar iasacht ó leabharlanna na tíre. Anuas air sin, is féidir leat aipeanna a mhúineann teangacha duit a aimsiú air, nuachtáin, irisí agus cúrsaí ar-líne!

Fiú mura bhfuil tú cláraithe le do leabharlann áitiúil, tá an deis agat cuntas a chruthú go héasca ach cuairt a thabhairt ar librariesireland.ie 

Níos mó