Tá sé deimhnithe ag an Chomhaontas Glas gurb é an comhairleoir contae agus Gael aitheanta Peter Kavanagh a n-urlabhraí Gaeltachta.
Bhí Kavanagh, duine de bhunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht, ag feidhmiú mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí le tamall, ach tá sé ceaptha go hoifigiúil sa ról sin anois.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt sé go raibh sé “an-sásta” lena cheapachán.
“Ní fear Gaeltachta mé agus caithfidh mé i gcónaí a bheith ag labhairt le muintir na Gaeltachta le fáil amach faoi na rudaí atá ag dul aghaidh sa Ghaeltacht. Bím de shíor i dteagmháil leo siúd atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus tá roinnt ball againn sa pháirtí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.”
Ábhar “díomá” do Kavanagh nár éirigh leis suíochán a fháil san olltoghchán i mbliana.
“Bhí mé mórtasach faoin méid vótaí a d’éirigh liom a fháil ach thuigeas go mbeadh sé i gcónaí deacair i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán toisc go raibh mé ag rith in éadan Paul Gogarty, iarrthóir aitheanta a bhí sa rialtas cheana leis an Chomhaontas Glas.
“Bhí mí-ádh orm sa chaoi sin ach é sin ráite, is annamh a éiríonn le hiarrthóir ina chéad olltoghchán,” a dúirt sé.
Géilleann Kavanagh go mbeadh “a ghlór” níos “údarásaí nó níos láidre” dá mbeadh sé ina Theachta Dála, ach deir sé go bhfuil an Comhaontas Glas tiomanta do chur chun cinn agus cosaint na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Faoi láthair, tá cúraimí áitiúla orm mar chomhairleoir, tá post lánaimseartha agam agus tá ról náisiúnta agam mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta, tá dúshlán i gceist le cothromaíocht a bhaint amach idir na trí ról sin,” a dúirt Kavanagh.
Dúirt sé go raibh baill an pháirtí ar fad “airdeallach” faoi na cainteanna bunaithe rialtais atá ar siúl ag an Chomhaontas Glas le Fianna Fáil agus Fine Gael faoi láthair.
“Tuigeann gach duine sa Chomhaontas Glas stair an dá pháirtí sin agus céard a tharla don Chomhaontas Glas an uair dheireanach a ndeachaigh siad isteach i rialtas leo.
“An fhadhb ná go bhfuil muid in am an ghátair agus caithfidh muid dul i mbun cainteanna leo le fáil amach an féidir linn an rud ceart a dhéanamh, ní hamháin don timpeallacht, ach ó thaobh cúrsaí tithíochta agus an chórais sláinte agus ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge de,” a dúirt sé.
Dúirt Kavanagh go raibh sé “tábhachtach” go gcuirfí clár rialtais cumhachtach le chéile.
“Bheadh ar dhá thrian de bhallraíocht an pháirtí tacú leis an gclár rialtais agus taobh istigh den Chomhaontas Glas, ní bheidh éinne sásta glacadh le haon drochmhargadh,” a dúirt Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais.