Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sceilg-mhichil-dunta-don-chuid-eile-den-samhradh

Sceilg Mhichíl dúnta don chuid eile den samhradh

D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí nach n-osclófar Sceilg Mhíchíl do chuairteoirí ar chor ar bith “mar gheall ar an imní faoi Covid-19”.

Bhí an suíomh oidhreachta le hoscailt ar an 15 Bealtaine (Dé Sathairn seo caite) ach cinneadh gan ligean do na báid turasóireachta cuairteoirí a thabhairt amach chuig an oileán, “i bhfianaise na srianta leanúnacha ar shuíomhanna turasóireachta a athoscailt”.

Dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí nach raibh sé “indéanta sábháilteacht chuairteoirí agus foirne a chinntiú” san oileán agus go gcaithfí an t-oileán a dhúnadh don samhradh ar fad.

Bhí an-éileamh ar an oileán mar ionad turasóireachta le fada an lá mar gheall ar an mainistir ársa atá lonnaithe air, ach tháinig borradh as cuimse ar an éileamh sin ó 2016 i leith mar gheall gur ann a rinneadh scannánaíocht do radhairc éagsúla den scannán Star Wars: The Force Awakens

Tá Sceilg Mhíchíl 12km amach ó Ghaeltacht Chiarraí agus ní féidir teacht ann ach ar bháid. Ní féidir leis na báid ach 12 a thabhairt amach agus turas amháin a dhéanamh gach lá le linn an tséasúir. 

Dúirt urlabhraí de chuid an OPW go mbeadh an turas go Sceilg Mhíchil “an-dúshlánach” ó thaobh na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic leis an víreas corónach.

“Ar bhád atá de shíor ag bogadh agus ag luascadh, tá iliomad rudaí a mbéarfadh paisinéirí greim orthu agus bheadh cuidiú díreach de dhíth orthu ag dul ar bord an bháid agus ag dul i dtír ar an gcé. Faoi na cúinsí seo, bheadh sé fíordheacair tras-seoladh an víris a chosc agus ní féidir sábháilteacht na bpaisinéirí a chinntiú,” a dúirt sé. 

Dúirt an t-urlabhraí freisin go mbeadh sé fíordheacair an scaradh sóisialta a chleachtadh ar an oileán, mar gheall ar na bealaí cúnga chun na Mainistreach. Bheadh sé fíordheacair do chuairteoirí dul thar a chéile agus bearna dhá mhéadar eatarthu agus sábháilteacht a chinntiú le linn a gcuairte, a dúradh. 

“Tá áiseanna cóiríochta san oileán an-teoranta agus is gá don fhoireann cónaí gar dá chéile agus áiseanna níocháin agus leithris a roinnt. Ina theanta sin, is dóchí go dtarlódh sé go minic le linn an tséásúir go gcaithfeadh treoraithe cabhrú le cuairteoirí a dtiocfadh tinneas orthu agus garchabhair a thabhairt dóibh. Is léir go n-éireodh deacrachtaí suntasacha i gcás mar seo, agus dlúth-theagmháil riachtanach agus teorainn ar áiseanna uisce agus níocháin,” a dúradh. 

Tá sé i gceist ag OPW scrúdú cothabhála a dhéanamh an tseachtain seo chugainn nuair a rachaidh foireann teicniúil Séadchomharthaí Náisiúnta isteach chuig an oileán den chéad uair i mbliana.

Táthar ag súil go mbeifear in ann Ionad Eispéiris na Sceilge, atá ar an mórthír, a oscailt níos deireanaí sa samhradh.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge