Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-se-in-aghaidh-an-dli-grianghraf-a-thogail-de-nead-ein!

Tá sé in aghaidh an dlí grianghraf a thógáil de nead éin!

| An Gael Glas |

Ní fada go mbeidh sé ina shamhradh ceart ar fud na hÉireann arís agus an chuma ar an scéal gur samhradh breá brothallach a bheidh ann i mbliana. Tá athrú mór ar an saol anois, ar ndóigh, agus gan cead ag na daoine a bheith ag bailiú ina sluaite sna páirceanna, sna coillte agus ar na tránna mar a bheidís de ghnáth. 

Má tá ceol na n-éan tugtha faoi deara agat féin den chéad uair i mbliana ní tú an t-aon duine ó tá na hainmhithe agus na héin ar a gcompord anois agus an duine daonna sáinnithe ina theach féin le cúpla mí anuas.

Is iomaí duine atá tar éis pictiúr d’éin sa ghairdín, nó sionnach ar an tsráid a phostáil ar na meáin shóisialta le cúpla seachtain anuas agus lúcháir air go bhfuil “an dúlra ar a sheanléim” anois. Ach tá pictiúir eile á dtógáil agus á scaipeadh ar líne chomh maith, pictiúr a briseadh an dlí lena bhfáil.

Tá ar a laghad leathdhosaen pictiúr de neadacha éan feicthe ag an nGael Glas ar Twitter agus Instagram. 

Tá sé in aghaidh an dlí grianghraf a thógáil de nead éin agus d’éiníní mura bhfuil ceadúnas agat a leithéid a dhéanamh. 

B’fhéidir go gceapfá gur dlí aisteach é sin, ach ní hea — tá sé ann leis na héin agus a gcuid a chosaint.

Bliain i ndiaidh bliana iarrann Cairde Éanlaith Éireann ar an bpobal gan pictiúir de neadacha ná d’éiníní a phostáil ar líne, agus gan géilleadh don chathú a bheadh ar dhuine an phictiúr a thógáil sa chéad áit. 

Tá an dlí céanna, a bheag ná a mhór, i bhfeidhm ó thuaidh agus ó dheas agus cé go mbíonn lucht éanbhreathnaithe na hÉireann ar an eolas faoin dlí, is minic a bhíonn an gnáthphobal dall air.

Sa stát ó dheas eisítear ceadúnais do ghrianghrafadóirí fiadhúlra faoin Acht um Fhiadhúlra 1976. Tá cead ag daoine a bhfuil an ceadúnas sin acu “grianghraif, físeáin nó íomhánna eile” d’éin fhiáine, dá neadacha agus dá n-éiníní.

Ó thuaidh, is gá cur isteach ar cheadúnas ón Northern Ireland Environment Agency, a thabharfaidh cead do dhuine grianghraif agus físeáin dá leithéid a thógáil. Faoi dhlí an Tuaiscirt, is coir é cur isteach ar éin agus a n-éiníní ina neadacha, nó lámh a chur ar na neadacha sin.

B’fhéidir go gceapfá gur beag dochar a dhéanamh grianghraf de nead dó, ach tá cúpla cúis ann leis na dlíthe a bheith chomh dian sin. Ar an gcéad dul síos, b’fhéidir go dtarraingeodh tú aird an éin creiche, an tsionnaigh, nó an chait tí ar an nead dá mbeifeá seasta in aice leis ag breathnú air ar feadh cúpla nóiméad — go mór mór dá mbogfá féar nó craobhacha an chrainn le seat níos fearr a fháil de.

Chomh maith leis sin, bíonn na héin féin thar a bheith faiteach agus má shíleann siad féin go raibh creachadóir in aice na neide — duine daonna san áireamh —tá seans maith ann nach bhfillfidh siad ar an nead agus go bhfágfar na héiníní gan bhia gan chosaint. 

Ar deireadh, má tá na héiníní cúpla seachtain d’aois, tá seans maith go dtréigfidh siad an nead le teann faitís romhat gan iad a bheith aibí go leor lena fhágáil i gceart. 

Níos mó