Tá rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh nach “n-imeodh an coróinvíreas go deo” agus go raibh géarchéim sláinte intinne i ndán dúinn ar fud an domhain de bharr na paindéime.
“Tá sé tábhachtach go bpléifí an t-ábhar seo. D’fhéadfadh gur víreas eile é an ceann seo a bheidh forleathan sa phobal agus d’fhéadfadh gur víreas é nach n-imeodh leis go deo,” a deir Michael Ryan, ceannasaí éigeandálacha an WHO.
“Ní dóigh liomsa gur féidir aon gheallúintí ná aon dátaí a thabhairt faoi. D’fhéadfadh gur fadhb é an galar seo a bheidh linn go ceann tamall fada nó d’fhéadfadh nárbh ea,” a dúirt sé.
Tháinig rabhadh ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil a lán daoine buartha de bharr na paindéime agus fadhbanna sláinte intinne forleathan, go háirithe i dtíortha nach ndéantar dóthain infheistíochta i gcúram sláinte intinne.
Mhol na NA do rialtais freastal a dhéanamh ar an tsláinte intinne agus iad ag déileáil leis an bpaindéim seo.
D’eisigh rannóg sláinte intinne an WHO rabhadh faoi iarmhairtí na paindéime.
“Uaigneas, faitíos, éiginnteacht, cíor thuathail eacnamaíochta – d’fhéadfadh buairt shíceolaíochta teacht as aon cheann acu sin,” a dúirt stiúrthóir na rannóige, Devora Kestel.
De réir an áirimh atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins nach mór 300,000 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar breis is 4.3milliún duine ar fud na cruinne.