AR SCÁTH A CHÉILE: Siopa Chló Iar-Chonnacht athoscailte inniu
Siopa Chló Iar-Chonnacht athoscailte inniu
Tá siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht i gConamara oscailte inniu den chéad uair le beagnach trí mhí. Dúnadh an siopa ar an Spidéal ag deireadh mhí an Mhárta nuair a cuireadh an tír faoi chuibhriú ach bhí cead oscailte arís ag siopaí leabhar inniu agus an Rialtas ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 2 den phlean d’athoscailt na tíre.
Is ag filleadh ar ghnáthuaireanta oscailte ó Luan go hAoine atá siopa Chló Iar-Chonnacht agus tá socruithe curtha i bhfeidhm acu ar mhaithe le cloí le treoirlínte an rialtais maidir le Covid-19.
Tá seirbhís ‘Cliceáil & Bailigh’ ar fáil freisin ó CIC trínar féidir d’ordú a cheannach ar a suíomh idirlín agus é a bhailiú sa siopa.
Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur ríomhleabhair Ghaeilge ar fáil saor in aisce le linn na paindéime chun tacú le léitheoirí na Gaeilge agus tá an chéad ríomhleabhar eile atá ar fáil in aisce fógartha acu inniu chomh maith.
Is é an t-úrscéal SOBALSAOL le Pádraig Standún ríomhleabhar na seachtaine seo agus tá sé ar fáil anseo.