Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-raibh-duine-ar-bith-ina-eiseamlair-aiteach-agamsa-agus-me-og’

‘Ní raibh duine ar bith ina eiseamláir aiteach agamsa agus mé óg’

| Cian O Griofa |

Tá sé éasca go leor dearmad a dhéanamh ar an méid atá déanta againn sa tír seo, agus ar domhan, chun comhionannas a bhaint amach do dhaoine sa phobal LADTA+, agus normalú a dhéanamh ar chúrsaí aiteacha. 

Tá cúrsaí LADTA+ mar chuid den tsochaí, agus bíonn daoine dúghafa le cláir a bhaineann le is an saol aiteach anois — RuPaul’s Drag Race, Pose agus Queer Eye ina measc. Ach ní raibh sé i gcónaí mar seo. 

Nuair a bhí mé ag fás aníos, ní raibh eiseamláirí aiteacha agam — seachas na carachtair a cuireadh ann de ghrá na cosúlachta, agus na steiréitíopaí ar fad acu. Sa lá atá inniu ann áfach, is féidir le duine ar bith a bheith ina thionchaire, agus ardán a chruthú ar líne do dhaoine ar fud an domhain a bhfuil suim nó taithí choiteann acu.

D’fhéadfaí a rá gur ‘tionchaire’ mé féin, ar bhealach, agus mar sin, tá sé an-tábhachtach dom an t-ardán atá agam a úsáid chun dearfacht agus grá a scaipeadh.

Is éard atá i gceist le Gaylgeoirí ná ardán méimeanna trí Ghaeilge, atá éadrom go leor. Mar sin féin, bíonn ábhair a bhaineann le féinghrá, bród agus gníomhachas á bplé freisin. Tá sé an-tábhachtach dom an t-ardán a úsáid le spotsolas a thabhairt do dhaoine nár léiríodh a gcineál ar na meáin i gcónaí, agus iad a cheiliúradh. 

The medium is the message”, mar a dúirt Marshall McLuhan, agus is deis é Gaylgeoirí an ionadaíocht sin a dhéanamh ar son daoine óga sa tír seo nach bhfuil féinghrá ná féinmhuinín acu go fóill. Feiceann siad go bhfuil tacaíocht ann dóibh, feiceann siad go bhfuil grá ag daoine do chúrsaí LADTA+ agus go mbeidh gach rud ceart go leor.

Ní raibh sé sin agam agus mé níos óige, agus mar sin, sílim go bhfuil sé riachtanach an scéal seo a insint dóibh siúd atá ag streachailt lena bhféiniúlacht féin.

Bród 2020: Dúshlán #SlayAtHome2020

Cloisim go minic go gceapann daoine gur duine an-mhuiníneach mé ó thaobh féiniúlachta de. Ach ní raibh mé i gcónaí mar seo. Bhí páirt ollmhór ag Bród an muinín seo a thabhairt dom. D’fhreastal mé ar mo chéad pharáid ‘Bród’ dhá bhliain ó shin. An bhliain sin, bhí mé mar chuid den ghrúpa a d’eagraigh an chéad ócáid Bhróid i gClub Chonradh na Gaeilge

Bhí mé an-neirbhíseach, caithfidh mé a rá, toisc go raibh orm é a chur i láthair. Ach bhí an-chuid daoine ann chun tacaíocht agus grá a thabhairt dom agus mar sin, bhain mé an-sult as. 

Anuraidh, chaith mé sála arda chuig an bparáid agus mé le mo chairde. Bhí orm iad a chaitheamh ar an LUAS (a bhí dubh le daoine), agus déanta na fírinne, bhí fíor-eagla orm. 

Ach bhí mo chairde ann chun tacaíocht agus grá a thabhairt dom. Thug BeanAnTees t-léine Bhróid dom fiú ar fáil anseo ), agus fuair mé an-chuid tacaíochta ar na meáin shóisialta. Ba chuma liom ansin cad a cheapfadh daoine eile. Bhraith mé dosháraithe, agus cad chuige nach mbeadh, tá cosa iontacha agam!

An chúis a luaim na scéalta sin ná cé go raibh mé neirbhíseach, agus míchompordach ionam féin go pointe, bhí daoine liom a raibh grá acu dom. Mar sin, bhí mé in ann mé féin a cheiliúradh agus féinghrá a bheith dom féin. Ach níl an deis chéanna againn i mbliana de bharr go mbeidh Bród digiteach againn. 

Beidh daoine óga nach bhfuil amuigh sa bhaile ina n-aonar an bhliain seo agus mura bhfuil siad in ann comóradh bróid a fheiceáil, seans go gceapfadh siad nach bhfuil an tacaíocht ann. Ná déan dearmad, ní bhíonn na daoine i mbailte beaga i gcónaí chomh forásach céanna le daoine sna cathracha móra.

Mar sin, shocraigh mé an dúshlán #SlayAtHome2020 a thosú chun comóradh bróid a bheith againn ar na meáin shóisialta. Níl le déanamh ach grianghraf nó físeán a thógáil agus do ghnáthchúraim lae ar bun agat le casadh speisialta i gcomhar bróid — déan é go galánta. 

Ainmnigh do chairde agus do mhuintir le páirt a ghlacadh sa dúshlán seo freisin agus tabhair deonachán do The Gaylgeoirí Pride Fund

Ag deireadh na míosa, roinnfimid an t-airgead idir BeLonGTo, Shout Out, The Rainbow Project agus TENI. Bain úsáid as an haischlib #SlayAtHome2020 agus cuir clib ar @Gaylgeoiri

Tá pobal Gaelach (agus gay-lach) iontach speisialta againn ar líne. Tá gach aon duine an-tacúil, agus táim fíorbhuíoch díobh as an ardán atá agam a thabhairt dom. Ach mar a dúirt mé cheana, tá sé ríthábhachtach dearfacht agus grá a scaipeadh má tá ardán agat, agus dioscúrsa a spreagadh. Dom féin, an rud is tábhachtaí ná le bheith i m’eiseamláir do dhaoine óga aiteacha, agus féinmhuinín a thabhairt dóibh — toisc go n-aithníonn queeróg, queeróg eile!  

Níos mó