Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-11-cas-nua-den-choroinvireas-deimhnithe-agus-an-rata-scaipthe-fos-os-cionn-1

11 cás nua den choróinvíreas deimhnithe agus an ráta scaipthe fós os cionn 1

| Tuairisc.ie |

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna.

11 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna nach “tráth réchúise a bhí ann” agus go raibh sé róluath a bheith ag caint faoin ngalar “a dhíothú”. Caithfear an galar a chur “faoi chois” ar dtús, a dúirt sé. Dúirt sé go ndealraíonn sé go bhfuil ráta scaipthe an ghalair, an uimhir R, fós os cionn 1.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, áfach, go raibh cúrsaí níos seasmhaí ná mar a bhí agus údar dóchais ann dá réir.

“Ar an dea-uair, tá líon na gcásanna a tuairiscíodh an tseachtain seo (124) níos lú ná líon na gcásanna a tuairiscíodh an tseachtain roimhe seo (143).

“Léiríonn seo an chumhacht a bhaineann le gníomh an duine aonair cúrsa an Covid-19  a athrú inár dtír. Sinn féin an chosaint is fearr ag againn dá chéile. Tá a fhios againn cad a oibríonn – is féidir linn ar fad ár gcuid a dhéanamh chun scaipeadh an víris seo a chosc ach seasamh le chéile, a bheith san airdeall i gcónaí agus cloí leis na treoracha sláinte phoiblí.”

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 196 cás nua den ghalar a deimhníodh le coicís anuas. Bhain 9% de na cásanna sin le cúrsaí taistil.

Fuair 34% de na daoine a bhí i gceist an galar ó ghartheagmhálaí agus bhain 32% de na cásanna le scaipeadh sa phobal. 37 an aois mheánach a bhí ann i measc an 196 cás agus bhí 58% de na daoine idir 25-55 bliain d’aois.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá an galar ar 4.12 duine in aghaidh gach 100,000.

10 n-othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá seisear acusan sna haonaid dianchúraim.

Ní raibh aon bhás de bharr an víris le fógairt inniu ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt ach oiread, ach deimhníodh 21 cás nua den ghalar ag an deireadh seachtaine.

36 cás nua den choróinvíreas a fógraíodh ó dheas le linn an deireadh seachtaine, 24 ceann Dé Sathairn agus 112 cás Dé Domhnaigh.

2,320 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,764 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,804 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,892 cás ó dheas den teorainn agus 5,912 cás ó thuaidh di.

Níor fógraíodh aon athrú inniu ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (493), i nDún na nGall (472), i gCiarraí (317), i bPort Láirge (166), i gCorcaigh (1,562) ná i gcontae na Mí (826).

De réir na bhfigiúirí is déanaí, bhí cás nua amháin i Maigh Eo (576).

Níos mó