Is é Aengus Ó Snodaigh atá ceaptha ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag Sinn Féin agus binse tosaigh an pháirtí fógartha ag a gceannaire Mary Lou MacDonald inniu.
Beidh Ó Snodaigh, a bhí ina urlabhraí Gaeltachta roimhe seo, freagrach as cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir.
Dúirt an t-urlabhraí Gaeltachta tráthnóna gur údar díomá mór a bhí ann nár fágadh cúram na Gaeltachta faoi aire sinsearach sa Rialtas nua.
Measadh gur idir Aengus Ó Snodaigh agus Mairéad Farrell a bheadh sé do phost na Gaeltachta, ach ceapadh Farrell ina hurlabhraí caiteachais phoiblí agus athchóirithe. Ardú céime atá ann don Teachta Dála as Gaillimh Thiar a toghadh go dtí an Dáil den chéad uair mí Feabhra.
I measc na nGaeilgeoirí eile atá ar bhinse tosaigh nua Shinn Féin tá leascheannaire an pháirtí, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, atá in urlabhraí airgeadais go fóill. Cainteoir Gaeilge é Donnchadh Ó Laoghaire atá athcheaptha ina urlabhraí oideachais.
Ceapadh Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas-Lár, ina urlabhraí Gaeltachta in 2018 nuair a cuireadh an té a mbíodh an cúram sin air, Peadar Tóibín, ar fionraí ón bpáirtí. Tá Tóibín anois ina cheannaire ar Aontú.
Beidh tábhacht ar leith ag baint le hurlabhraí Gaeltachta Shinn Féin sa 33ú Dáil agus a laghad sin Teachtaí Dála a bhfuil suim acu i gcás na teanga fágtha sa bhfreasúra chun cás na teanga a throid.
Tá 21 den 35 Teachta Dála a thug le fios do Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilge acu i bpáirtithe an chomhrialtais nua, rud a fhágann go mbeidh daoine ar spéis leo a bhfuil i ndán don teanga ag brath go mór ar urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly chun an rialtas nua a chur sna miotail.
Dúirt Mary Lou McDonald, a bhfuil Gaeilge aici chomh maith, go raibh áthas uirthi binse tosaigh Shinn Féin a fhógairt tráthnóna agus tréimhse chinniúnach sa fhreasúra rompu.
“Beidh ceann seo Shinn Féin ar an bhfreasúra is bríomhaire, is diongbháilte agus is éifeachtaí i stair an Stáit. Tá dúshlán mór romhainn mar go gcaithfear athruithe a chur i bhfeidhm…agus tá an fhoireann againn chun é sin a dhéanamh,” a deir ceannaire an pháirtí.