Inniu tá muid ag cur tús le seachtain atá ag ceiliúradh cúramóirí. Seoladh feachtas ‘Glad to Care Week’ don chéad uair i 2018 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Bunaíodh an feachtas le achan sórt cúramóir a cheiliúradh. Bíodh sin cúramóirí proifisiúnta nó daoine ag tabhairt aire do baill teaghlaigh s’acu féin.
Is cinnte gur rud an deacair é a bheith ag tabhairt aire do daoine atá faoi míchumas ar bith agus tá ceiliúradh tuilte ag na cúramóirí ar fad amuigh ansin an tseachtain seo don sár obair a dhéanann siad.
Labhair Meon Eile le Dearbhlá Ní Mhadáin faoin aire a tugann dá aintín, Angela, atá Down Syndrome agus uathachas uirthi. Tugann Dearbhlá léargas dúinn ar an cineál curam a thugann sí féin agus a theaghlach d’Angela. Chuaigh Meon Eile amuigh ar gnáth lá le Dearbhlá agus a mathair ag tabhairt aire d’Angela.