Botún aistriúcháin ba chúis le rabhadh a thug an aip COVID Tracker Ireland do Ghaeilgeoirí dul i dteagmháil le dochtúir cé nach raibh aon siomptóim den choróinvíreas acu.
Tháinig sé chun solais i rith na seachtaine gur tugadh treoir do dhaoine a bhí ag úsáid leagan Gaeilge na haipe fanacht glan ar dhaoine eile agus glaoch ar a ndochtúir teaghlaigh cé go raibh sé deimhnithe acu nach raibh tinneas orthu.
Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil siad ar an eolas maidir leis an bhfadhb agus go mbeidh sé réitithe go luath acu. Deir siad chomh maith go bhfuil siad chun dul tríd an leagan Gaeilge den aip arís chun a chinntiú nach bhfuil aon bhotúin eile inti.
“Ceartófar an botún san aistriúchán ar an aip nuair a dhéanfar uasdátú ar an aip an tseachtain seo,” a dúirt urlabhraí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
“Beidh muid ag déanamh athbhreithniú ar an leagan Gaeilge arís chun a chinntiú go bhfuil gach rud cruinn. Gabhaimid ár leithscéal as an mbotún.”
Tarraingíodh aird ar an bhfadhb ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus é tugtha faoi deara ag daoine a bhí ag baint úsáid as an leagan Gaeilge den aip go raibh botún ann.
@HSELive Fecitear domh go bhfuil botún nó débhrí san Aip “Covid Tracker”. Leis an cheist: “An bhfuil tú ábalta boladh nó blaiseadh de rudaí faoi mar a bhíodh tú i gcónaí?” má roghnaíonn tú “Tá”, deir an Aip go bhfuil comhartha tinnis ort nuair is léir nach bhfuil.
— Eoghan Mac Giolla Bhríde (@fothalamh) August 25, 2020
Cuirtear an cheist “An bhfuil tú ábalta boladh nó blaiseadh de rudaí faoi mar a bhíodh tú i gcónaí?” san aip. Nuair a roghnaigh daoine “Tá”, dúradh gur siomptóm den choróinvíreas a bhí ann a bheith ábalta boladh nó blaiseadh de rudaí agus moladh dóibh fanacht glan ar dhaoine eile agus glaoch a chur ar a ndochtúir teaghlaigh.
Sa leagan Béarla, is í an cheist atá ann ná “Do you have any loss of sense of taste or smell?”, a mhalairt den cheist sa leagan Gaeilge.
Agus i nGaeilge pic.twitter.com/pEB9zlxFNt
— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) August 25, 2020
Cruthaíodh an aip, a seoladh mí Iúil, chun cabhrú le cuardach gartheagmhálaithe na ndaoine a tholgann an Covid-19.
Tá an aip in úsáid ag thart ar 1.2 milliún duine.