Tá ainm an iascaire a bhásaigh amach ó chósta Ghaeltacht Dhún na nGall aréir tugtha.
James ‘Dearg’ Byrne ab ainm don fhear Gaeltachta as Chill Charthaigh. Sna seachtóidí luatha a bhí sé agus bhí cúigear clainne air.
Ag thart ar a 9pm aréir tháinig baill den Gharda Cósta agus an héileacaptar tarrthála 118 go dtí láthair na heachtra inar chuaigh bád an fhir ar na carraigeacha amach ó Theileann.
Tar éis dianchuardaigh, fuarthas corp James ‘Dearg’ Byrne san uisce in aice láimhe go gairid ina dhiaidh sin.
Tá fiosrúchán curtha ar bun féachaint conas a chuaigh an t-iascaire i bhfarraige.
Dúirt Sagart Paróiste Chill Charthaigh, an tAthair Éamonn Ó Gallachóir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go raibh “néal trom dorcha os cionn Chill Charthaigh’.