Bhí an Ghaeilge i measc na n-ábhar ba mhó inar shaothraigh daoine na gráid is airde in Ardteist na bliana seo.
Fuair ceathrar as gach cúigear dalta Ardteiste 60% nó níos mó i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge in 2020– an bunriachtanas a theastaíonn sa Ghaeilge chun cáiliú do na coláistí oiliúna múinteoireachta.
29% de dhaltaí a fuair ceann den dá ghrád is airde, H1 nó H2, sa Ghaeilge i gcomparáid le 17.5% don Bhéarla agus 23.5% i gcás na matamaitice.
Fuair 81% ceann de na ceithre ghrád is airde sa Ghaeilge ag an ardleibhéal, i gcomparáid le 69% in 2019.
Fuair 71% de dhaltaí ceann de na ceithre ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 68% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic.
Bronnadh an grád is airde H1 ar 9.1% den 24,704 dalta a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal. B’ionann sin agus ardú 49% ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 anuraidh.
Thart ar 2,200 dalta a fuair H1 sa Ghaeilge i mbliana i gcomparáid le thart ar 1,400 anuraidh.
Ardú 43% a tháinig ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 sa Bhéarla i gcomparáid le torthaí na bliana seo caite agus ardú 31% a bhí i gceist leis an Matamaitic.
Mar sin, cé go raibh athrú mór ar Ardteist na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus í bunaithe ar ghráid mheasta agus córas caighdeánaithe, níor tháinig aon athrú ar an scéala gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar is éasca le torthaí maithe a bhaint amach ann.
Fuair breis is 60,000 dalta a dtorthaí Ardteiste inniu agus b’airde torthaí rang na bliana 2020 ná aon dream eile a chuaigh rompu.
D’fhág an córas nua marcála a tugadh isteacht i mbliana de dheasca na paindéime Covid-19 go raibh torthaí na bliana seo 4.4 pointe céatadáin níos airde ar an meán ná mar a bhí anuraidh.
Gaeilge (Ardleibhéal) | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2020 | 24704 | 9.1 | 19.7 | 27.1 | 24.6 | 13.8 | 4.8 | 0.7 | 0.2 |
2019 | 23176 | 6.1 | 17.7 | 22.3 | 23.0 | 18.2 | 9.5 | 2.8 | 0.4 |
2018 | 22400 | 4.9 | 18.1 | 23.2 | 23.6 | 18.4 | 9.5 | 2.1 | 0.3 |
Gaeilge (Gnáthleibhéal) | |||||||||
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2020 | 1461 | 5.8 | 17.7 | 25.5 | 23.1 | 16.0 | 10.3 | 0.5 | 1.1 |
2019 | 2834 | 1.9 | 11.8 | 19.9 | 24.5 | 20.9 | 12.0 | 6.2 | 2.9 |
2018 | 2912 | 1.3 | 9.9 | 19.3 | 25.2 | 21.9 | 12.7 | 6.4 | 3.3 |
Gaeilge (Bonnleibhéal) | |||||||||
Bliain | Iomlán | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
2020 | 23550 | 1.9 | 8.7 | 19.4 | 26.3 | 23.3 | 15.4 | 3.6 | 1.5 |
2019 | 22323 | 0.3 | 5.2 | 18.6 | 26.2 | 25.0 | 15.7 | 6.3 | 2.7 |
2018 | 21439 | 0.3 | 5.2 | 19.0 | 28.1 | 24.6 | 14.7 | 5.6 | 2.5 |