Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-margaret-mac-curtain-1929-2020:-‘an-bhean-rialta-a-sheas-sa-bhearna-bhaoil-nuair-a-bhi-sceal-na-mban-le-hinsint’

MARGARET MAC CURTAIN 1929-2020: ‘An bhean rialta a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí scéal na mban le hinsint’

| Tuairisc.ie | , ,

Tá an tSiúr Margaret Mac Curtain, bean rialta in ord na nDoiminiceach, staraí, Gaeilgeoir, oideachasóir, cosantóir chearta an duine, feimineach agus scríbhneoir tar éis bháis agus í in aois a 91 bliain. 

Bhí an tUachtarán Micheál D ó hUigínn ina measc siúd a léirigh ómós don staraí.

“Rinne sí obair mhór ar son an oiread sin gnéithe de shaol na hÉireann, an saol san am a caitheadh agus sa lá atá inniu ann,” a dúirt an tUachtarán. 

“Ní hamháin go gcuimhneofar uirthi de bharr an saothar acadúil a rinne sí ach cuimhneofar freisin ar an stocaireacht gan stad a rinne sí ar son an chirt shóisialta. 

“Ní hamháin go ndearna sí a cuid oibre le díograis agus le fuinneamh ach rinne sí í le greann, taise agus daonnacht chomh maith.” 

Tá “ár mbuíochas” tuillte ag an tSr. Margaret Mac Curtain, a dúirt an tUachtarán, as an troid a rinne sí in aghaidh pionós corpartha sna scoileanna, an chosaint a rinne sí ar chearta leanaí a raibh riachtanais speisialta oideachais acu, agus as aitheantas a thabhairt do ról na mban i stair na hÉireann, ról a ndearnadh siléig ann go minic.

Agus é ag tagairt don ghné sin dá saothar agus í ag ceiliúradh a lá breithe anuraidh, dúirt an staraí Diarmuid Ferriter.

“Ba í Mac Curtain an bhean rialta a sheas sa bhearna nuair a bhí scéal na mban i stair na hÉireann le hinsint agus ceisteanna móra le cur faoin gceart agus an comhionannas, agus doicheallach go maith a bhíothas roimh a teagasc.” 

B’údar mór sásaimh do Margaret Mac Curtain an obair cheannródaíocht a rinne sí ar ról na mban i stair na hÉireann. Tharraing sí aird ar an gceardchumannaí Rosie Hackett a bhfuil droichead ainmnithe ina diaidh ar an Life.

“Bhí mé diongbháilte de go dtabharfaí cuntas ar ról na mban sa stair oifigiúil agus cé gur cuireadh ina aghaidh sin ar feadh blianta, d’éirigh leis i bhfad níos fearr ná a shíleas féin riamh.”

Rugadh Margaret Mac Curtain i 1929 i gCorcaigh agus bhain sí céim BA amach san ollscoil ansin sula ndeachaigh sí isteach in Ord na nDoiminiceach i 1950 agus an tSr Benvenuta mar ainm oird uirthi. 

Is iomaí cúram a bhí uirthi san ord sin. Ba sí gníomhach i mbunú Choláiste Sinsir Bhaile Formaid agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil sin agus bhí sí ina prióir ar Chlochar Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath.

Bhain sí céim PhD sa Stair amach i  1964, agus thosaigh sí ag léachtóireacht i Roinn na Staire i  gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus bhí sí ansin go ndeachaigh sí ar scor i 1994. Bhí sí ina hollamh chomh maith i Scoil an Léınn Éireannaigh ó 1972 go 1989.

Bhí Ollúnacht Burns sa Léann Éireannach i gColáiste Boston aici ó 1992 go 1993. Bronnadh bonn óir Chumann Ghaeil Bhostúin uirthi i 1993 as a saothar ar stair mhná na hÉireann.  

Bhí Margaret Mac Curtain gníomhach sa bhfeachtas in aghaidh na tógála ar an láthair Lochlannach ag an Ché Adhmaid ar an Life. Throid sí freisin in aghaidh foréigean baile agus ciníochas. Bhí sí ina cathaoirleach ar  an gComhairle um an gCartlann Náisiúnta ó 1997 go 2002 agus ar bhord eagarthóireachta Field Day IV agus V, a dhírigh aird ar shaothar litríochta na mban a bhí ina scríbhneoirí, filí agus tráchtairí.

Rinne sí comheagarthóireacht le James Lydon, ar an tsraith faoi Stair na hÉireann a d’fhoilsigh foilsitheoirí Gill agus scríobh sí Tudor and Stuart Ireland. 

I gcomhar le Mark Tierney, scríobh sí The Birth of Modern Ireland (1969) a bhíodh ina théacsleabhar ag lucht na hArdteiste. Í féin agus Donnchadh Ó Corráin a rinne eagarthóireacht ar Women in Irish Society: the Historical Dimension.

Rinne sí obair ar thuarascáil Treoir 2000 faoin mbail a bhí ar an nGaeilge ag deireadh an 20ú haois.

I measc na saothar eile dá cuid tá – Women in Early Modern Ireland, From Dublin to New Orleans: Nora and Alice’s Journey to America 1888, Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000) agus Ariadne’s Threads: Writing Women into Irish History

Níos mó