Tá barántas eisithe ag an gcúirt le bean as Gaeltacht Chonamara a ghabháil toisc gur sháraigh sí na coinníollacha a cuireadh uirthi nuair a scaoileadh as an bpríosún í.
Cuireadh príosún ar Maura Thornton as Indreabhán i gConamara as a hiarpháirtí a mharú.
Ciontaíodh Maura Thornton (38) as Conamara in 2013 i marú a hiarpháirtí Kevin Joyce (59) taobh amuigh dá hárasán i mBóthar na Trá i nGaillimh, an 3 Iúil 2011. Gearradh deich mbliana príosúin uirthi as an marú in 2013 ach cuireadh trí bliana den phianbhreith sin ar fionraí.
Bhí sí ceaptha a bheith os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla maidin inniu agus an Breitheamh Paul McDermott chun déileáil leis an gcás mar gur theip uirthi cloí leis na coinníollacha a cuireadh uirthi agus trí bliana dá pianbhreith á gcur ar fionraí.
Nuair nár tháinig sí i láthair na cúirte ar maidin d’eisigh an Breitheamh Paul McDermott barántas a gabhála. Dúirt a habhcóide Blaise O’Carroll sa chúirt nach bhfuair sé féin aon scéala ó Maura Thornton agus nach raibh a fhios aige cá raibh sí.
Cuireadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an eolas ó scaoileadh saor as an bpríosún Thornton gur sháraigh sí an coinníoll nach n-ólfadh sí aon alcól. Ag éisteacht eile sa gcúirt roimhe seo, d’admhaigh Thornton sa chúirt gur “ghéill sí don ól” agus gur cuid den chúis a bhí leis sin go raibh sí an-uaigneach de bharr srianta an Covid-19. Dúirt Paul Carroll, Abhcóide Sinsearach an Stáit sa gcúirt inniu “de bharr mí-úsáid drugaí agus alcóil” go raibh drochbhail ar Maura Thornton.
Dúirt an Breitheamh McDermott nach raibh “cuma ná caoi” ar shaol Thornton agus gur theastaigh staidéar a chur inti ach go gcaithfeadh sí teacht chun na cúirte le go gcuirfeadh sé ina luí uirthi a thábhachtaí atá sé go dtosódh sí ag plé arís leis na seirbhísí promhaidh agus go bhfaigheadh sí cóir leighis dá cuid andúile.