Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-lion-is-mo-bunduchasach-riamh-tofa-chun-comhdhail-na-stat-aontaithe

An líon is mó bundúchasach riamh tofa chun Comhdháil na Stát Aontaithe

Toghadh an líon is mó bundúchasach Meiriceánach riamh chun Comhdháil na Stát Aontaithe sa toghchán a reáchtáladh sa tír sin inné. Sheas 13 duine in ocht stát sa toghchán a bhí ar siúl ag an am céanna le toghchán na huachtaránachta inné. 

Tá 11 suíochán ar fáil don 13 duine sin agus tá dhá thoghcheantar ann a bhfuil níos mó ná bundúchasach amháin ag seasamh ann. Go dtí seo, tá cúigear iarrthóirí tar éis suíochán a bhuachan, rud a fhágann go mbeidh níos mó bundúchasach sa gcéad Chomhdháil eile ná mar a bhí riamh cheana i stair na Stát. 

Atoghadh an ceathrar a bhí sa Chomhdháil dheireanach an chéad bheirt bhan bhundúchasacha a bhuaigh suíochán sa Chomhdháil ina measc — Deb Haaland agus Sharice Davids. Is iad Tom Cole agus Markywayne Mullin an bheirt eile a choinnigh a n-áit in Washington. 

Duine de mhuintir Sheiricíoch, Yvette Herrell, a bhuaigh an cúigiú suíochán. Sheas Yvette in New Mexico, áit ar sciob sí an suíochán ó Xochitl Torres Small. 

Is dócha ná a mhalairt go mbeidh a séú duine ann — an Haváíoch dúchais Kaiali’i “Ka” Kahele, a sheas do na Daonlathaigh in Haváí. Má bhíonn an lá ag Kai, beidh sé ar an dara Haváíoch dúchais a toghadh chun na Comhdhála ó tugadh Haváí isteach sna Stáit Aontaithe in 1959. 

Níor éirigh leis an Daonlathach Paulette Jordan ina hiarracht suíochán i Seanad SAM a bhuachan ná le Mark Charles a sheas don uachtaránacht féin.

Dúirt Deb Haaland go raibh áthas uirthi gur sheas an oiread sin bundúchasach do thoghchán na Comhdhála i mbliana.

“Caithfidh muidne a bheith san áit a ndéantar na cinntí. Caithfidh glór a bheith againn ag an mbord, is cuma cén bord atá i gceist, agus muid ag déanamh cinntí dár muintir, do mhuintir ár dtoghcheantar, agus do mhuintir na tíre. Tá sé ríthábhachtach,” a dúirt sí. 

Toghadh Deb den chéad uair in New Mexico in 2018 agus ba í féin agus Sharice Davids as Kansas na chéad bheirt bhan bhundúchasach a toghadh chun na Comhdhála. Tá sí ina comhchathaoirleach ar Chácas na mBundúchasach, ina leaschathaoirleach ar choiste na n-acmhainní nádúrtha, ina cathaoirleach ar fhochoiste na bpáirceanna náisiúnta, agus ina ball d’fhochoiste na mbundúchasach. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge