Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dushlan-an-daonlathais-fein-tugtha-ag-trump

Dúshlán an daonlathais féin tugtha ag Trump

Ní léir faoi láthair cé a bhuaigh an toghchán uachtaránachta seo, mar is eol do gach duine neamhchlaonta agus gach iarrthóir – ach amháin Donald Trump.

Nuair a labhair Joe Biden le slua beag dá lucht leanúna in Wilmington go gairid tar éis mheán oíche aréir (am áitiúil), dúirt sé go raibh sé dóchasach go dtoghfaí é féin ach go gcaithfí a bheith foighneach. “Keep the faith guys,” a dúirt sé leo.

Ní dóchas ach cinnteacht a bhí i mbriathra Trump nuair a d’fhógair sé níos deireanaí go raibh an toghchán buaite aige cheana féin. Bhí caimiléireacht in aghaidh an náisiúin ar bun, a dúirt sé, agus rachfar go dtí an Chúirt Uachtarach lena stopadh.

B’ionann caint an Uachtaráin agus fógra gur i gcúirteanna áitiúla agus náisiúnta na tíre a dhéanfar na roghanna is cinniúnaí faoi thoradh an toghcháin seo. Idir an dá linn, tá an bhearna idir Trump agus Biden chomh caol agus líon na vótaí atá le comhaireamh chomh mór go bhfuil cúis dóchais fós ag an mbeirt acu.

Glactar leis in Éirinn nach mbíonn toghchán thart go gcríochnaítear an comhaireamh. Tá iliomad foráil áfach i ndlíthe na stát éagsúil agus i mbunreacht na Stát Aontaithe a thugann ábhar gearáin d’iarrthóir ar mian leis comhaireamh iomlán a chosc, mar a tharla in Florida tar éis an toghcháin uachtaránachta in 2000.

Ní féidir toradh an chomhairimh i mbliana ná tionchar na mbreithiúna air a thuar ag an bpointe seo. Sin ráite, is léir cheana féin go ndeachaigh sciar an uachtaráin de na vótaí i méid i mórán stát – ina measc Ohio, Florida agus Texas. Is léir freisin nach raibh sciar Joe Biden den vóta iomlán sách mór le bua soiléir a chinntiú sna stáit a theastaíonn lena sheoladh go dtí an Teach Bán: Wisconsin, Michigan, agus Pennsylvania.

Níor tháinig tonn láidir ghorm i gcabhair ar Joe Biden ach tá sé ag teannadh mar sin féin leis an 270 vóta sa Choláiste Toghcháin a theastaíonn lena thoghadh. Ní léir ach oiread aon laghdú suntasach ar thacaíocht Donald Trump i bhformhór na dtorthaí go dtí seo, ach de réir chlaonadh na vótaí go dtí seo ní bheidh sé i bhfad chun tosaigh má thoghtar arís é.

Cibé iarrthóir a thoghfar faoi dheireadh, rachaidh sé i gceannas ar thír ina mbeidh easaontas agus mímhuinín i réim atá níos doimhne ná mar a bhí tar éis toghchán ar bith sna Stáit ó aimsir an chogaidh chathartha sna 1860idí.

Ní thagann easaontas idir Trump agus codladh na hoíche, go deimhin is breá leis aighnis. Ach is cuma cé a bheas ina chónaí sa Teach Bán ó mhí Eanáir ar aghaidh déanfaidh easpa comhthuisceana idir an dá thaobh den phobal díobháil leanúnach dhainséarach don tír.

Roimhe sin, tá contúirt níos práinní ag bagairt ar chóras daonlathach na tíre tar éis do Trump a fhógairt:

 Go raibh an toghchán buaite aige, nuair nach raibh

Go rabhthas ag vótáil tar éis am vótála, nuair nach rabhthas

Gurb ionann comhaireamh vótaí agus ‘gadaíocht’

Go raibh ‘calaois’ toghchánaíochta ar bun gan aon fhianaise a thabhairt.

Thug Trump dúshlán chóras daonlathach na Stát Aontaithe le caint chomh mífhreagrach sin. Beidh daonlathas Mheiriceá i gcontúirt dá bharr go dtí go mbeidh toradh dleathach iomlán an toghcháin soiléir agus curtha i bhfeidhm.

Is cúis bheag dóchais í go bhfuil briathra Trump cáinte cheana féin ag comhaltaí sinsearacha ina pháirtí féin, ina measc an Gobharnóir Chris Christie ó New Jersey agus an t-iarSheanadóir Rick Santorum.

Ach rinne an craoltóir Chis Wallace ar (creid nó ná creid é) Fox News cáineadh a bhí níos láidre ná an cáineadh a rinne Poblachtánach ar bith nuair a dúirt sé nach raibh aon cheart ag Trump a rá go raibh toghchán i stát ar bith buaite aige. Tá ceart ag gach stát, arsa Wallace, vótaí a chomhaireamh agus toradh an chomhairimh a fhógairt.

Dar le Wallace gurb ionann caint an uachtaráin agus cipín lasta a chaitheamh isteach i leacht sho-lasta. Ní fada go mbeidh a fhios againn an bhfuil an ceart aige nó nach bhfuil.

Níos mó

Cathal Mac Coille

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge