Tá sé i gceist ag baill coiste Oireachtais iarraidh ar ionadaithe ó chomhairlí contae teacht os a gcomhair chun ceisteanna a fhreagairt faoin “scigmhagadh” atá á dhéanamh faoin nGaeilge sa chóras pleanála.
An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dúirt go raibh “scigmhagadh” á dhéanamh ag na comhairlí contae faoi “dhlí a tugadh isteach i dTithe an Oireachtais” maidir le tithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí nua sa Ghaeltacht.
Ba é Ó Cuív a mhol chomh maith go nglaofaí os comhair an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ionadaithe ó na seacht gcomhairle contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram.
Mhaígh Ó Cuív nach raibh aird mar ba chóir á tabhairt ag comhairlí contae áirithe ar an dualgas atá acu cosaint a thabhairt don Ghaeilge nuair a thugtar cead pleanála d’fhorbairt eastáit tithíochta sa Ghaeltacht.
Mhaígh Ó Cuív ag an gcruinniú a bhí ag an gCoiste Oireachtais le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta tráthnóna inné gurb amhlaidh go scriosfaí an Ghaeltacht de réir a chéile mura dtabharfaí ar na comhairlí contae cosaint cheart a thabhairt don teanga sa chóras pleanála.
“Tá Bearna scriosta agus tá siad tosaithe sna Forbacha,” arsa Éamon Ó Cuív.
Thug sé le fios go scriosfadh an fhorbairt tithíochta an Spidéal ina dhiaidh sin, ach feabhas a bheith curtha ar an gcóras uisce ansin.
Dúirt Ó Cuív nár bhain an fhadhb le Gaeltacht Chonamara amháin ach gur measa ansin í mar gheall ar “ollfhás na Gaillimhe”.
Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas.
Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.
Moltar i bpolasaí nua nua atá seolta ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i 90% de na tithe nua in eastát tithíochta sna cheantair Ghaeltachta is láidre agus gur 35% a bheadh i gceist sna ceantair is laige ó thaobh na teanga.