Lá Domhanda an Chinéaltais 2020
Tá Lá Domhanda an Chinéaltais 2020 buailte linn agus cé nach féidir linn barróg mhór a thabhairt dár gcairde nó cóisir a bheith againn lena chéile, is féidir linn a cheiliúradh ar bhealaí difriúla i mbliana.
Tá tábhacht ar leith bainte leis an chinéaltas faoi láthair agus muid i lár pandéime agus is féidir le dea-ghníomhartha athrú an domhain a dhéanamh i saol dhuine éigin.
Cloisimid tuairimí na bpáistí ó Ghaelscoil Neahctain i nDún Geimhin faoin tábhacht a bhaineann leis an chinéaltas mar chuid de shaol an uile lae. Mhínigh na páistí do Meon Eile cad é a chiallaíonn cinéaltas daoibh agus cad é atá siad a dhéanamh i mbliana Lá Domhanda an Cinéaltais. Nach iontach iad!