Seachtain Feasachta an Struis
Agus Seachtain Feasachta an Struis 2020 ag teacht chun deiridh, cloisimid ó Corey Hanna agus Orlaith Ní Mhaoláin faoi na bealaí a théann siad féin i ngleic le strus an uile lae.
Agus muid i lár pandéime, tá muid uilig faoi bhrú agus faoi strus ar bhealaí nach bhfuil muid cleachtaithe leo. Tá léar mór daoine buartha faoi himpleachtaí na srianta dianghlasála ar ár gcuid meabhairshláinte agus ar ndóigh faoi shláinte an phobail dá bharr Covid-19.
Tá sé tábhachtach dúinn uilig go n-aithníonn muid strus agus na cúiseanna taobh thair de. Bíonn sé deacair ar chuid mhór daoine labhairt faoin strus nó faoina gcuid imní agus tá sí mar sprioc ag Seachtaine Feasachta an Struis an stiogma seo a athrú, go háirithe i measc na bhfear.
Mar atá molta ag Corey agus ag Orlaith, cuidíonn sé go mór leo aclaíocht a dhéanamh agus aer úr a fháil gach lá. Aithníonn siad beirt an tábhacht a bhaineann le bheith ag labhairt le daoine faoi na mothúcháin atá acu. Ní amháin sin ach bíonn aireachas agus machnamh a chleachtadh ag an bheirt acu go rialta chun cuidiú lena gcuid meabhairshláinte.
Más maith leat triail a bhaint as na seisiúin aireachais le Corey, is féidir iad a aimsiú ar a cainéal YouTube nó is féidir comhairle agus nodanna eile chun strus a laghdú a aimsiú anseo.