Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
an-sciar-ceanna-den-lucht-feachana-ag-tg4-in-2020-agus-e-fos-ar-an-seu-caineal-is-mo-in-eirinn -<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>

An sciar céanna den lucht féachana ag TG4 in 2020 agus é fós ar an séú cainéal is mó in Éirinn 

Bhí TG4 ar an séú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn in 2020 de réir na bhfigiúirí féachana a d’fhoilsigh an craoltóir Gaeilge inniu.

Bhí meánsciar 1.83% den lucht féachana ag an stáisiún anuraidh, laghdú beag ón 1.84% a bhí acu in 2019.

De réir straitéis chúig bliana TG4, is é an sprioc atá ag lucht an stáisiúin go mbeadh meánsciar 2.2% den lucht féachana náisiúnta acu faoi 2022. Bhí súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin, áit a bhain siad amach anuraidh.

Fágann na figiúirí is deireanaí go bhféachann níos mó daoine in Éirinn anois ar TG4 ná mar a fhéachann ar BBC Two, Virgin Media Three agus Channel 4 agus go bhfuil RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two agus BBC 1 chun cinn air.

Is in 2019 a bhí TG4 ar an séú cainéal is mó lucht féachana den chéad uair riamh.

Cé go raibh laghdú beag ar an meánsciar lucht féachana anuraidh, bhí méadú beag 3% ar an sciar le linn an phríomhama féachana go dtí 1.92%. 

Is í tréimhse an fhómhair an tréimhse is mó iomaíocht i saol na teilifíse agus ba í mí Dheireadh Fómhair an mhí ab airde maidir leis an sciar den lucht féachana a bhí ag TG4 agus 2.26% acu i rith na míosa sin.

Ba é an 20ú Nollaig an lá ab airde a raibh lucht féachana ag TG4 in 2020. D’fhéach 770,000 duine ar an stáisiún an lá sin, lá ar craoladh cluichí ceannais pheil na mban agus cluiche ceannais na sinsear idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh.

Ba é clúdach GAA BEO ar Chluiche Ceannais Peile AIB na gClubanna idir Cora Finne na Gaillimhe agus Cill Chua an Dúin an clár ba mhó a raibh daoine ag faire air ar TG4 in 2020. 177,200 lucht féachana ar an meán a bhí ag an gcluiche ar an 19 Eanáir, sciar 17.6% den lucht féachana ar fad sa tír ag an am.

Bhí an lucht féachana is mó ag TG4 Lá Nollag 2020 ó bhí Lá Nollag 2009 ann. D’fhéach 156,600 ar an gceolchoirm The Dubliners – The Parting Glass.

Deir lucht an stáisiúin gur tháinig méadú 158% ar shruthanna ar éileamh ar sheinnteoir TG4 in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba é an clár faisnéise Liam O’Flynn – Píobaire an clár ba mhó lucht féachana ar an seinnteoir in 2020. 

Deirtear gur tháinig méadú 38% ar shruthanna TG4 ar sheinnteoir RTÉ anuraidh freisin agus go raibh méadú 34% ar shruthanna sheinnteoir Cúla4. 

Ghabh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont buíochas le foireann TG4 as an obair a rinne siad in 2020.

“Ní fhaca aon duine againn bliain mar 2020 riamh. Ba bhliain í a bhí lán de chumha, mearbhall, cíor thuathail agus brón. Ach bliain d’éachtaí daonnachta agus de sheirbhís phoiblí a bhí ann freisin. Sna meáin, breathnóidh muid siar ar 2020 mar an bhliain a chuir fuadar faoi dhul chun cinn na meán digiteach neamhlíneach. 

“Ba mhaith liom ómós a thabhairt d’fhoireann inmheánach TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha uile a chomhoibríonn linn. Ag obair mar mheitheal, d‘éirigh linn freastal thar cionn ar éileamh an lucht féachana agus pearsantacht agus branda TG4 a láidriú sa bhaile agus ar fud an domhain.”

“Tá muid an-bhuíoch den Rialtas as an tacaíocht bhreise a thug siad dúinn i mBuiséad 2021. Cabhróidh sé seo linn TG4 a atosú i mbliana agus beidh muid ag cur ina luí ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán gur cheart éiceachóras na meán in Éirinn a athshamhlú ó bhonn ó 2022 ar aghaidh.” 

Níos mó

Ciarán Ó Súilleabháin

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge