Déanfar plé ar an scannán Scéal na Gaeilge mar chuid de Scoil Gheimhridh Merriman.
Beidh an tOllamh Alan Titley agus Ciarán Ó Cofaigh, láithreoir agus léiritheoir na sraithe a craoladh ar dtús ar TG4, i láthair ag ócáid ar líne ag 7.30pm anocht, Dé Sathairn an 30 Eanáir. Craolfar míreanna ó ‘Scéal na Gaeilge’ agus beidh plé ann fúthu le Titley agus Ó Cofaigh.
Is í Máire Ní Neachtain a chuirfidh an ócáid ar Zoom i láthair agus is féidir freastal uirthi ach dul chuig an nasc seo.
Déanann Scéal na Gaeilge cur síos ar stair theanga na Gaeilge trí breathnú ar na scéalta a bhaineann léi sa stair agus sa mhiotaseolaíocht.
An tOllamh Alan Titley a chuireann an scéal i láthair le cabhair míreanna beochana.
Craoladh an scannán ina dhá chuid ar dtús in 2012.
D’fhógair an comhlacht léiriúcháin ROSG, a rinne an scannán a léiriú, go bhfuil Scéal na Gaeilge anois ar fáil saor in aisce ar Youtube.
Meastar gur áis mhaith a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus mic léinn meáin scoile.
Tá an scannán roinnte ina shé chuid ar Youtube agus is féidir teacht air anseo.