Tá an ASTI tarraingthe siar as na cainteanna a bhí ar siúl acu leis an Roinn Oideachais faoi cad atá i ndán do scrúduithe na hArdteiste i mbliana.
Deir an ASTI nach féidir glacadh le plean a deir siad a d’fhágfadh go mbeadh ar dhaltaí agus múinteoirí ullmhú do dhá chineál scrúduithe Ardteiste
I ráiteas a cuireadh amach tráthnóna dúirt Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire go rabhthas ag tarraingt siar ó na cainteanna nó go dtabharfaí barántas dóibh go gcloífí leis na cuspóirí a leag an tAire Oideachais síos – pleanáil le haghaidh scrúduithe agus plé a dhéanamh ar mhalairt socruithe.
Deir an ceardchumann nach bhfuil siad sásta leis an bplean do na scrúduithe a thugann, a dúirt siad, tús áite do ghráid mheasta ar scrúduithe traidisiúnta.
Deir an ASTI gurb iad gnáthscrúduithe na hArdteiste a rogha agus gur dócha nach bhféadfaí córas na ngrád measta a chur i bhfeidhm i mbliana.
Deir siad gur “buille faoi thuairim” seachas “meastachán” a bheadh ar siúl ag múinteoirí dá n-iarrfaí orthu gráid mheasta a chur ar fáil i mbliana.
Dúirt ceannasaí an ASTI Kieran Christie tráthnóna.
“Glactar go forleathan leis go bhfuil strus breise ar dhaltaí faoi láthair agus tá sé dochreidte dá bharr nach bhfuil scagadh á dhéanamh ach ar rogha amháin, is é sin go bunúsach go mbeadh ar dhaltaí ullmhú do dhá chineál Ardteiste seachas ceann amháin.”