Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Dé hAoine an 19 Feabhra ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Coiste forbartha Charn Tóchair i nDoire a bhuaigh príomhdhuais an chomórtais, €15,000, agus Trófaí Ghlór na nGael.
20 duais ar fad a bronnadh agus duaischiste €80,000 a bhí ann.
Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael ar choistí pobail agus ar chumainn Ghaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal as an obair a dhéanann siad leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Dúirt Nóra Welby ó Ghlór na nGael go ndearna na coistí gaisce le linn na bliana 2020.
“Ba é seo an chéad uair ó bunaíodh Glór na nGael 60 bliain ó shin nach raibh na moltóirí in ann bualadh leis na coistí sna pobail féin. B’éigean moltóireacht fhíorúil a dhéanamh ar na coistí pobail ar Zoom, ach tá áthas orainn go bhfuil sé ar ár gcumas an t-aitheantas atá tuillte ag na coistí pobail as a gcuid oibre a thabhairt dóibh” a dúirt sí.
Liosta na mBuaiteoirí i gComórtas 2020
Rannóg – An Óige
1ú Duais – Glór na Móna, Béal Feirste – €3,000
2ra Duais – Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire – €2,000
Rannóg – An Teaghlach
1ú Duais – Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste – €3,000
2ra Duais – Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí – €2,000
Rannóg – Oideachas
1ú Duais – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire – €3,000
2ra Duais – Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste – €2,000
Rannóg – Sláinte Intinne agus Choirp (Urraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte)
1ú Duais – Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí – €3,000
2ra Duais – Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall – €2,000
Rannóg – Tograí Cosanta Comhshaoil, Caomhnaithe Oidhreachta & Spioradáltachta
1ú Duais – Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire – €3,000
2ra Duais – Cairde Teo., Ard Mhacha – €2,000
Rannóg – An Ghaeltacht (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)
1ú Duais – Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall – €3,000
2ra Duais – Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí – €2,000
Duaiseanna Speisialta
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe – €1,500
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall – €1,500
Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall
Duais an Fháinne urraithe ag Gael Linn – Dearbhán dar luach €500
Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta – £1,500
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Duais Chló Iar-Chonnacht – Beart Leabhar dar luach €1,000
Pobal ar a’n Iúl, Co. Thír Eoghain
Duais an Oireachtais – €500
Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais an Fhorais Pátrúnachta – €1,000
Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais COGG – €2,000
Muineachán le Gaeilge
Duais don Iontráil nua is fearr – €1,000
Coiste Féilte Chill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Duais don Choiste Deonach is fearr – €1,000
Sult na Sollán, Co. Chill Dara