Mac léinn sagartóireachta amháin as Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath atá i mbun staidéir anois. Is é Baile Átha Cliath an Deoise is mó in Éirinn ó thaobh daonra – 1.5 milliún Caitliceach agus 191 paróiste uilig atá ann. “Ní dóigh liom go mbeidh mac léinn sagartóireachta ar bith san Ard-Deoise ach a n-oirneofar mé i mbliana,” a deir Joe Keegan as Cill na Gráinsí agus é ag scríobh i nuachtlitir Chumann Tacaíochta na Sagart Óg. “Sin é an saol atá ann anois,” a deir Keegan.
Sin é an saol a ndeachaigh an tArd-Easpag nua, Dermot Farrell, i gceannas air le gairid i réigiún na príomhchathrach in Éirinn.
San iarthar níl ach beirt mhac léinn sagartóireachta in Ard-Deoise Thuama, ceantar ina bhfuil cuid mhór de chontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Is ann, ar ndóigh, atá péire de na hionaid is mó sa tír atá luaite leis an Eaglais Chaitliceach – Scrín Chnoc Mhuire agus Cruach Phádraig.
Dá laige é Tuaim, níl duine ar bith as Deoise Chluain Fearta i ndeisceart na Gaillimhe i mbun staidéar sagartóireachta anois. Téann an Deoise seo soir chomh fada le teorainn Uíbh Fhailí agus Ros Comáin agus tá bailte móra Bhéal Átha na Sluaighe agus Bhaile Locha Riach inti. Ní hé amháin go bhfuil an taobh tíre sin uilig gan ábhar sagairt faoi láthair ach is amhlaidh cás le roinnt blianta.
Ní haon eisceacht é Cluain Fearta.
San iomlán, níl ach 35 mac léinn i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad atá leagtha ar sheirbhís sagartóireachta a thabhairt i nDeoisí na hÉireann. Bhíodh os cionn a dheich n-oiread sin ann san aimsir a caitheadh.
“Le linn domsa bheith i Maigh Nuad idir 500 agus 550 a bhíodh ann,” a deir an Canónach Pádraic Standún, sagart pobail Charna i gConamara agus scríbhneoir aitheanta. Deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí atá i gceist aige.
Cén fáth gur amhlaidh an scéal ar fud na tíre, ó thaobh gairm na sagartóireachta de?
Creideann an Canónach Standún go bhfuil dochar mór déanta ag na scannail a nochtadh ó na 1980idí. “Na scannail sin a bhain le mí-úsáid gasúir go háirithe,” a deir seisean. “Sa mullach air sin, tarlaíonn athruithe meoin de réir mar a théann na glúnta ar aghaidh; is léir nach bhfeiceann cuimse daoine anois gur fiú do shaol a chaitheamh le gairm Eaglasta. Sin é an saol atá ann anois.”
Tá Eric Cooney, Déagánach de chuid na hEaglaise Caitlicí, ina riarthóir ar oifig náisiúnta an chliarlathais Chaitlicigh in Éirinn agus é ag iarraidh borradh a chur faoin líon mac léinn sagartóireachta sa tír. Ceapann seisean go bhfuil an neamhshuim atá á déanamh ag go leor daoine de na searmanais agus cleachtais an chreidimh Chaitlicigh in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ar an bpríomhchúis atá leis an gcúlú ón tsagartóireacht. “B’fhéidir nach bhfuil an cás chomh feiceálach thart faoin tuath, ach tá sé an-fhollasach anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil cuimse daoine ag bacadh le teach an phobail ná le himeachtaí na heaglaise. Ní féidir a bheith ag súil go spreagfar daoine óga i dtreo na sagartachta agus an saol mar sin,” a deir Eric Cooney.
Ceapann an Déagánach Ó Cuanaigh go bhfuil fadhb chreidimh sa tír agus nach bhfuil ugach ná spreagadh ann do dhaoine óga a bheadh ag cuimhneamh ar dhul sna sagairt. “Tá an easpa creidimh ina dhúshlán ollmhór a gcaithfear aghaidh a thabhairt air,” a deir seisean.
Ach, idir an dá linn, teastaíonn sagairt le soiscéal na hEaglaise Caitlicí a chraobhscaoileadh agus seirbhísí agus searmanais a chur ar fáil ar na bealaí traidisiúnta. Cén chaoi a ndéanfar sin?
Feictear d’Eric Ó Cuanaigh go mbeidh níos lú tithe pobail ann agus níos lú seirbhísí. Ach luann sé sampla praiticiúil leis an líon sagart a mhéadú sa tír- más ar bhun sealadach féin é – sa gColáiste Oiliúna Sagartóireachta a bunaíodh roinnt blianta ó shin i nDún Dealgan.
Tá an Coláiste seo dírithe ar oiliúint a chur ar fhir óga as tíortha eachtracha atá ag iarraidh tabhairt faoi chúraimí misinéireachta. Ach, tá orthu tréimhse théis a n-oirnithe a chaitheamh i ndeoise anseo in Éirinn. Dháréag atá ag freastal ar an gcoláiste sin faoi láthair.
Tá an Canónach Pádraig Standún agus an Déagánach Eric Ó Cuanaigh ar aon fhocal gur cheart go bhféadfadh fir phósta a dhul sna sagairt. Go deimhin creideann an Canónach Pádraig Standún gur cheart go mbeadh deis ag mná agus fir a dhul sna sagairt.
“Tá sé ráite agam le fada,” a deir an Canónach Standún. “Ba cheart go n-osclófaí amach an Eaglais ar an gcaoi sin.”
I mBaile Átha Cliath, feiceann an Déagánach Eric Cooney, tá ag iarraidh daoine a thabhairt i dtreo na sagartóireachta, an saol ag dúnadh isteach ar an Eaglais. Tá cosán casta roimh an Ard-Easpag nua, Dermot Farrell. Is amhlaidh an cás ag Joe Keegan, an t-aon mhac léinn sagartóireachta i réigiún ina bhfuil 1.5 milliún Caitliceach.